Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Is é seo apacailipsis Íosa Críost a thug Dia dó chun go dtaispeánfadh sé dá sheirbhísigh cad iad na nithe nach foláir a theacht gan mhoill; sheol sé a aingeal uaidh agus chuir in iúl é dʼEoin a sheirbhíseach; |
| 2 |
| thug seisean fianaise ar bhriathar Dé agus ar fhianaise Íosa Críost de réir mar a chonaic sé. |
| 3 |
| Is méanar dó seo a léann os ard agus a éisteann le focail na fáistine seo agus a choimeádann a bhfuil scríofa inti; óir tá an uain in achomaireacht. |
| 4 |
| Eoin chun na seacht n-eaglais san Áise: Grásta chugaibh, agus síocháin ón té atá, a bhí, agus atá le teacht, agus ó na seacht spiorad os comhair a rí-chathaoireach |
| 5 |
| agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéad-ghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin, |
| 6 |
| agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Áiméan. |
| 7 |
| Féach, tá sé ag teacht ar néalta Neimhe, agus feicfidh gach duine lena shúile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Áiméan. |
| 8 |
| “Mise an tAlfa agus an Óimige”, deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach. |
| 9 |
| Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus sa bhfoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmas ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa. |
| 10 |
| Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa, |
| 11 |
| dá rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglais, go hEifeasas, go Smiorna, go Péargamas, go Tiáitire, go Sairdeas, go Filideilfia, agus go Láódacáia.” |
| 12 |
| Dʼiompaigh mé timpeall féachaint cén glor a labhair liom, agus, ar iompú dom, chonaic mé seacht gcoinnleoir óir, |
| 13 |
| agus i measc na gcoinnleoirí neach mar mhac duine, é gléasta in éide fhada agus crios órga faoina bhrollach. |
| 14 |
| Bhí a cheann agus a ghruaig geal mar olann gheal, mar an sneachta, agus a shúile mar bhladhm thine, |
| 15 |
| agus a chosa ar lí an phráis líofa arna scagadh i bhfoirnéis, agus a ghlór mar ghlór tuilte lána. |
| 16 |
| Bhí seacht réalta aige ina dheaslámh, agus óna bhéal ghluais claíomh géar dhá fhaobhar, agus bhí a cheannaithe ar dhealramh na gréine faoi lántaitneamh. |
| 17 |
| Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm dá rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo; |
| 18 |
| ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus Ifrinn agam. |
| 19 |
| Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo. |
| 20 |
| Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheaslámh, agus na seacht gcoinnleoir óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n-eaglais, agus is iad na seacht gcoinnleoir na seacht n-eaglais. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/revelation/001.mp3
22
1