Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Ansin tugadh bata dom mar shlat tomhais agus é dá rá liom: Éirigh agus tomhais teampall Dé, agus an altóir agus an lucht adhartha ansiúd; |
| 2 |
| ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead. |
| 3 |
| Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinnéithe é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí. |
| 4 |
| Is iad-san an dá chrann ola, agus an dá lóchrann a sheasann os comhair Thiarna an domhain. |
| 5 |
| Agus más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, tagann tine as a mbéal agus slogann a naimhde. Más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, más ea, is mar sin nach foláir é a mharú. |
| 6 |
| Tá sé de chumhacht acu na spéartha a iamh i dtreo nach mbeidh aon bháisteach ann le linn laethanta a bhfáidheoireachta; agus tá de chumhacht acu na huiscí a iompú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le gach sórt plá a mhinice agus is mian leo. |
| 7 |
| Agus ar gcríochnú a bhfianaise dóibh, an beithíoch a éiríonn aníos as an duibheagán, fearfaidh sé cogadh orthu agus cloífidh iad agus maróidh iad. |
| 8 |
| Agus beidh a gcorpáin ina luí ar shráid na cathrach móire–ar a dtugtar go fíorúil Sodam, agus an Éigipt mar ar céasadh a dTiarna chomh maith; |
| 9 |
| agus daoine ó gach pobal agus treibh agus teanga agus cine ag stánadh ar a gcorpáin ar feadh trí lá go leith, gan cead a thabhairt iad a adhlacadh; |
| 10 |
| agus gairdeas ar áitritheoirí an domhain ina dtaobh. Cuirfidh siad tabhartais chun a chéile mar gur chiap an bheirt fháithe seo áitritheoirí an domhain.” |
| 11 |
| Ansin tar éis trí lá go leith chuaigh spiorad beatha ó Dhia isteach iontu, agus sheas siad ar a mboinn, agus ghabh scéin mhór a raibh ag faire orthu. |
| 12 |
| Agus chuala siad guth tréan ó na flaithis dá rá leo: “Tagaigí anseo aníos!” Agus chuaigh siad suas chun na bhflaitheas i néal agus a naimhde ag faire orthu. |
| 13 |
| Ag an nóiméad sin tharla crith mór talún agus thit deachú den chathair, agus fuair seacht míle duine bás sa chrith talún; ghabh eagla an chuid eile agus thug siad glóir do Dhia na bhflaitheas. |
| 14 |
| Tá an dara mairg imithe léi. Féach, tá an tríú mairg ag teacht gan mhoill. |
| 15 |
| Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus bʼiúd guthanna tréana sna flaithis dá rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.” |
| 16 |
| Agus an ceathrar seanóirí ar fhichid a bhí ina suí ina rí-chathaoireacha os comhair Dé, chaith siad iad féin ar a mbéala agus thug siad adhradh do Dhia |
| 17 |
| dá rá: “Beirimid buíochas leat, a Thiarna, a Dhia Uilechumhachtaigh, an té atá ann agus a bhí mar gur ghlac tú chugat do mhórchumhacht agus go ndeachaigh tú i mbun rialaithe. |
| 18 |
| Ghabh fearg na ciníocha, ach tháinig fraoch dʼfheirge agus uain an bhreithiúnais ar na mairbh, uain cúiteamh a thabhairt do do sheirbhísigh, na fáithe, agus do na naoimh agus don dream ag a bhfuil urraim do dʼainm, idir bheag agus mhór, uain scriosta lucht scriosta an domhain.” |
| 19 |
| Ansin osclaíodh teampall Dé ar neamh, agus bhí radharc ar áirc a chonartha ina theampall agus tharla tintreacha, agus glórtha agus toirneacha, agus crith talún agus a lán cloch sneachta. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/revelation/011.mp3
22
11