×

Bíobla Naofa 1981

Apacailipsis 15

1
Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n-aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontusan a tugadh fearg Dé chun a críche.
2
Ansin chonaic mé mar a bheadh farraige de ghloine measctha le tine, agus an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch agus ar a dhealbh, agus ar uimhir a ainm bhí siad ina seasamh ar an bhfarraige gloine, agus cruiteanna Dé acu,
3
agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá: «Is éachtach agus is iontach iad d' oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chasáin, a rí na gciníocha.
4
Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do d' ainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.»
5
Ina dhiaidh sin chonaic mé fís! b' shiúd teampall bhoth na fianaise ar oscailt sna flaithis,
6
agus tháinig na seacht n-aingeal leis na seacht bplá amach as an teampall, agus iad feistithe i línéadach glan gléigeal, agus creasa óir faoina n-ucht.
7
Agus thug ceann de na ceithre dhúile beo do na seacht n-aingeal seacht soitheach óir lán d' fhearg Dé, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta.
8
Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir d' aon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n-aingeal chun críche.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí