×

Tiomna Nua 1970

Apacailipsis 15

1
Chonaic mé comhartha eile ar neamh, comhartha mór iontach, seacht n-aingeal agus seacht bplá acu, arb iad na plánna deireanacha iad, ós leo a ídítear fearg Dé.
2
Agus chonaic mé mar a bheadh muir théachta de ghloine a raibh tine tríthi, agus chonaic mé an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch allta agus ar a íomhá agus ar uimhir a ainm ina seasamh ar imeall na mara téachta agus cláirseacha Dé idir a lámha.
3
Agus bíonn amhrán Mhaois, seirbhíseach Dé, agus amhrán an Uain á sheinm acu, á rá, “Is mór agus is iontach iad dʼfhearta, a Thiarna Dia na gcumhacht! Is fírinneach agus is fíorcheart iad do shlite, a Rí na sioraíochta!
4
Cé nach mbeidh eagla air agus nach dtabharfaidh glóir do dʼainm, a Thiarna? Is tú amháin atá naofa. Tiocfaidh na ciníocha uile do dʼadhradh, mar tá do bhreithiúnais tar éis a nochta.”
5
Dʼamharc mé ina dhiaidh sin, agus osclaíodh teampall phailliún na fianaise ar neamh,
6
agus tháinig seacht n-aingeal na seacht bplá amach as an teampall, agus léinte gléigeala línéadaí orthu go troigh, agus criosanna órga aníos faoina n-uchtanna.
7
Agus thug beithíoch de na ceithre bheithíoch bhithbheo do na seacht n-aingeal seacht scála lán dʼfhearg an Dé bhithbheo;
8
agus bhí an teampall lán de dheatach ó ghlóir agus ó chumhacht Dé, agus níor fhéad aon duine an teampall a thaobhú go dtí go raibh críoch curtha leis na seacht bplá a bhí ag na seacht n-aingeal.
Irish Bible 1970
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland
:
Sábháil Nótaí