Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Ansin tháinig ceann de na seacht n-aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom dá rá: “Gabh i leith! Taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuilte lána. |
| 2 |
| Rinne ríthe an domhain striapachas léi-se, agus chuir fíon a striapachais áitritheoirí an domhain ar meisce.” |
| 3 |
| Rug sé leis isteach i bhfásach ansin mé faoi luí an Spioraid, agus chonaic mé an bhean ina suí ar bheithíoch craorag, agus eisean breac le hainmneacha diamhasla agus seacht gceann air agus deich n-adharc. |
| 4 |
| Bhí an bhean gafa i gcorcra agus i gcraorag, agus í órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí. Bhí cupán óir ina deaslámh agus é lán dʼuafáis agus de shalachair a striapachais. |
| 5 |
| Ar chlár a héadain bhí ainm scríofa: Rúndiamhair: “An Bhablóin Mhór, Máthair Striapacha agus Uafáis an Domhain.” |
| 6 |
| Agus chonaic mé an bhean agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil fhinnéithe Íosa. Arna feiceáil dom ghabh ionadh thar na bearta mé. |
| 7 |
| Agus dúirt an t-aingeal liom: “Cad a bheir ionadh ort? Inseoidh mise duit rúndiamhair na mná agus an bheithígh atá dá hiompar, é siúd ar a bhfuil seacht gceann agus deich n-adharc.” |
| 8 |
| “An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagán agus tá sé ar bhóthar a léir-scrios ta. Agus iad siúd dʼáitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n-ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht. |
| 9 |
| Éilíonn sé seo ceann lán dʼeagna. Na seacht gceann, seacht gcnoc iad-san ar a bhfuil a suíochán ag an mbean, |
| 10 |
| agus seachtar ríthe leis; tá cúigear díobh-san tite, tá duine díobh faoi réim, agus duine eile gan teacht fós; nuair a thiocfaidh sé, ní mór an mhoill a bheidh air. |
| 11 |
| Agus an beithíoch, a bhí ann, agus nach bhfuil, eisean an t-ochtú duine, cé go bhfuil sé ar an seachtar, agus tá sé ar bhóthar a léir-scrios ta. |
| 12 |
| Agus na deich n-adharc a chonaic tú, deichniúr ríthe iad nár ghabh ríocht fós, ach tá cumhacht le fáil acu ar feadh aon uaire amháin mar ríthe le cois an bheithígh. |
| 13 |
| Táid dʼaon mhéin agus ag toirbhirt a nirt agus a gcumhachta don bheithíoch. |
| 14 |
| Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iad-san an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.” |
| 15 |
| Lean sé air ag caint liom: “Na huiscí a chonaic tú mar a bhfuil an striapach ina suí, pobail agus slóite iad, agus ciníocha agus teangacha. |
| 16 |
| Agus na deich n-adharc a chonaic tú, agus an beithíoch, tiocfaidh fuath acu don striapach, agus fágfaidh siad tréigthe lomnocht í; íosfaidh siad a cuid feola agus loiscfidh í féin le tine, |
| 17 |
| óir chuir Dia ina gcroí a mhian féin a dhéanamh, a bheith dʼaon mhéin, agus a ríocht a thoirbhirt don bheithíoch nó go gcomhlíonfar briathra Dé. |
| 18 |
| Agus an bhean a chonaic tú, ise an chathair mhór, í siúd a bhfuil údarás aici ar ríthe an domhain.” |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/revelation/017.mp3
22
17