Tiomna Nua 1970
|
| 1 |
| Chonaic mé ina dhiaidh sin aingeal eile ag teacht ó neamh, a raibh cumhacht mhór aige; agus chaith a ghlóirsean solas ar fud an domhain. |
| 2 |
| Agus scairt sé in ard a ghlóir, “Thit sí, thit sí, an Bhabalóin a bhí mór! Rinneadh áitreabh deamhan di, agus ionad a mbíonn gach sprid dá shalaí dá tháire, agus gach éan dá bhréine agus dá dhéistiní ag tarraingt air; |
| 3 |
| ise ar ól na ciníocha uile dianfhion a drúise, a raibh ríthe an domhain mar leannáin leapa aid, a ndearna ceannaithe an domhain a saibhreas as láidr-eacht a sáile.” |
| 4 |
| Ba ansin a chuala mé glór cile ó neamh a dúirt, “Tagaigí aisti amach, a phobail is liom, ar eagla a bheith ciontach ina peacaí ar eagla a bheith páirteach ina plánna; |
| 5 |
| ó carnadh a peacaí chomh hard leis an spéir agus ó chuimhnigh Dia ar a coirpeachta. |
| 6 |
| Tugaigí tomhas a láimhe féin di, íocfaidh sí faoi dhó as a míghníomhartha; tabhair dhá oiread le n-ól di sa chupán céanna a thairg-eadh sí. |
| 7 |
| Dá mhéid é a mórtas agus a mínáire, tugaigí a chothrom sin de bhuaireamh agus de bhrón di. Deir sí ina croí, ‘Táim i mo shuí i mo bhanríon, ní baintreach mé, ní bhlaisfidh mé an brón go deo,’ |
| 8 |
| dá bhrí sin tiocfaidh a cuid tubaiste uirthi le chéile in aon lá amháin, plá, agus brón, agus gorta, agus tine á loscadh beo; mar is cumhachtach é an Tiarna Dia a thugas breithiúnas uirthi.” |
| 9 |
| Agus beidh na ríthe uile úd an domhain a bhi ina leannáin aici ag cleachtadh drúise léi, ag sileadh deor agus á caoineadh nuair a íheicfeas siad a toit is í á loscadh. |
| 10 |
| Seas-faidh siad i bhfad amach uaithi, le heagla roimh a ciapadh, agus déarfaidh siad, “Faraoir géar! a chathair mhór, a chathair chumhachtach na Babalóine! Tháinig do bhreithiúnas ort in alt na haon uaire.” |
| 11 |
| Agus bíonn ceannaithe an domhain ag sileadh deor á caoineadh, ó nach gceannaíonn aon duine a thuilleadh lasta a long uathu, |
| 12 |
| lastaí dʼór agus dʼairgead, seoda agus péarlai, mínlínéadach agus corcra agus síoda agus scarlóid, adhmad cumhartha agus gach cineál ball trioca as eabhair agus as adhmad is daoire, cré-umha agus iarann agus mannar, |
| 13 |
| cainéal agus spíosraí, túis agus miorr agus fíon agus ola, plúr agus cruithneacht agus eallach agus caoirigh agus capall agus carbaid agus moghaí agus cumhla, is é sin, anamacha daoine. |
| 14 |
| “Dʼimigh na torthaí uait ba mhian le do chroí, chaill tú na bianna blasta agus an mhórchúis a bhí agat, gan fáil agat orthu arís choíche!” |
| 15 |
| Agus beidh ceannaithe na n-earraí seo, a rinne a saibhreas uirthi, ag fanacht i bhfad amach uaithi, le heagla roimh a ciapadh, |
| 16 |
| agus iad ag caoi agus ag mairgneach mar seo in ard a gcinn, “Faraoir géar, an chathair mhór sin a cóiríodh i línéadach min, i gcorcra agus i scarlóid, a maisíodh le hór agus le seoda agus le péarlai! |
| 17 |
| Cuireadh an saibhreas seo uile ar ceal i rith aon uair an chloig.” Agus sheas gach máistir soithigh agus seoltóir agus maiméalach agus loingseoir i bhfad amach uaithi |
| 18 |
| nuair a chonaic siad a dóiteán agus scairt siad, “Cad í an chathair a bhí inchurtha leis an gcathair mhór?” |
| 19 |
| Agus chaith siad luaith i mullach a gcinn, ag caoi agus ag mairgneach agus ag screadach os ard, “Mo mhíle brón i an chathair mhór a ndeama a raibh loingeas i bhfarraige acu a maoin as a saibhreas-sa! Rinneadh a creach in aon uair an chloig. |
| 20 |
| Bíodh áthas oraibh, a neamha, faoinar tharla di, idir naoimh agus aspail agus fháithe, óir tá breithiúnas tugtha ag Dia uirthi in bhur leith!” |
| 21 |
| Ba ansin a thóg tréanaingeal cloch ba chosúil le cloch mhór mhuilinn gur chaith amach san fharraige í, agus ar seisean, “Is mar sin a chaithfear cathair mhór na Babalóine anuas le fuinneamh is le forneart, go dtí nach mbeidh a lorg le fail; |
| 22 |
| ní bheidh cruitireacht ná ceol ná fuaim fideoige ná trumpa le cluinstin ionat ní ba mhó; ní bheidh ceardaí ná saor le fáil ionat ní ba mhó; ní bheidh aon bhróntóireacht le cluinstin ionat ní ba mhó; |
| 23 |
| ní bheidh solas lampa ag soilsiú ionat ní ba mhó; ní bheidh glórtha na lánúineacha nuaphósta ionat ní ba mhó; óir bhí do cheannaithe ina bhfir mhóra an domhain, agus bhí draíocht curtha agat ar na ciníocha uile.” |
| 24 |
| Agus fuarthas ciontach í i bhfuil na bhfáithe agus na naomh, agus inar dúnmharaíodh ar an domhan. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1970/revelation/018.mp3
22
18