Bhí ansiúd i lár a sráide agus ar dhá thaobh na habhann, crainn na beatha a bheireadh a dhá dtoradh déag, agus gach ceann díobh ag tabhairt a thoraidh le haghaidh na míosa. Ba chun na ciníocha a leigheas duilliúr na gcrann.
Ní bheidh oíche ann feasta, agus ní bheidh gá acu le solas lóchrainn ná solas na gréine, óir lonróidh an Tiarna Dia orthu agus rialóidh siad ar feadh na síoraíochta.
Agus dúirt sé liom: “Briathra dílse fírinneacha iad seo. Dia, Tiarna spioraid na bhfáithe, sheol sé a aingeal chun a thaispeáint dá sheirbhísigh na nithe nach foláir a tharlú gan mhoill.
Mise, Eoin, a chuala agus a chonaic na nithe seo. Nuair a chuala agus a chonaic mé, chaith mé mé féin ag cosa an aingil a dʼfhoilsigh na nithe seo dom chun é a adhradh.
Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leat-sa mé agus le do bhráithre, na fáithe, agus leis na daoine a choinníonn briathra an leabhair seo. Déan Dia a adhradh.”
Fear na héagóra, déanadh sé éagóir fós; agus fear an striapachais, leanadh sé dá striapachas; fear na córa, cleachtadh sé an chóir fós; agus an naomh, leanadh sé dá naofacht.”
Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dún-mharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.
Deir an Spiorad agus an nuachar: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.
Tugaim rabhadh anois do gach duine a chloiseann briathra fháistine an leabhair seo. Má chuireann aon duine leo, cuirfidh Dia sa mhullach air na plánna atá scríofa sa leabhar seo.
Má thógann aon duine aon chuid de bhriathra leabhar na fáistine seo; tógfaidh Dia chun siúil a chuid-sean de chrann na beatha agus den chathair naofa, a bhfuil cur síos orthu sa leabhar seo.