Tiomna Nua 1951
|
| 1 |
| Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i Sárdis; Is é adeir an té go bhfuil seacht Spioraídí Dé aige, agus na seacht réaltana: Is eol dom t’oibreacha, agus go bhfuilir i n‐ainm bheith beo, acht gur marbh atáir. |
| 2 |
| Déan faire agus neartuigh na neithe fhanas, atá i mbaoghal báis: óir ní fuaras t’oibreacha iomlán i bhfiadhnaise mo Dhé. |
| 3 |
| Cuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar a bhfuarais agus ar a gcualais, agus congbhuigh é, agus déan aithrighe. Acht muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaidhe, gan a fhios agat cia an uair thiocfad ort. |
| 4 |
| Acht atá beagán daoine i Sárdis nár shaluigh a n‐éadaighe: agus siubhalfaid‐sean i n‐éinfheacht liom i n‐éadaighibh geala; óir is fiú iad é. |
| 5 |
| An té bheireas buaidh, clúdóchar é ar an gcuma sin le h‐éadaighibh geala; agus ní scriosfad a ainm amach choidhche as leabhar na beathadh, agus admhóchad a ainm i láthair m’Athar agus i láthair a aingeal. |
| 6 |
| An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. |
| 7 |
| Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i bhFiladelfia; Is é adeir an té atá naomhtha, an té atá fíor, an té go bhfuil eochair Dháibhí aige, an té fhosclas, agus ní dúntar ’n‐a dhiaidh; té dhúnas, agus ní foscailtear ’n‐a dhiaidh: |
| 8 |
| Is eol dom t’oibreacha (féach, atá doras foscailte curtha agam rómhat, agus ní fhéadann aoinneach a dhúnadh), de bhrigh go bhfuil beagán cumhachta agat, agus gur choimheádais mo bhriathar, agus nár shéanais m’ainm. |
| 9 |
| Féach, do‐bheirim duit cuid de lucht sionagóige Sátain, adeir gur Iúdaigh iad, acht nach eadh, acht gur bréagach atáid; féach, cuirfead d’fhiachaibh ortha teacht agus sléachtadh ag do chosaibh, agus a aithint go dtugas‐sa grádh dhuit. |
| 10 |
| De bhrigh gur choimheádais briathar m’fhad‐fhulaing, cumhdóchad‐sa thú ar uair an chathuighthe atá le teacht ar an saoghal uile, chum a maireann ar talamh d’fhromhadh. |
| 11 |
| Atáim ag teacht go luath; congbhuigh a bhfuil agat, chum nach mbainfidh aoinneach do choróin díot. |
| 12 |
| An té bheireas buaidh, déanfad colamhan i dteampall mo Dhé dhe, agus ní imtheochaidh sé amach as go deoidh: agus scríobhfad ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, Iarúsalem nua thig anuas as neamh óm’ Dhia, agus m’ainm nua féin. |
| 13 |
| An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. |
| 14 |
| Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i Laodicia; Is é adeir an tAmen, an fiadhnaidhe dílis, fírinneach, tosach a bhfuil cruthuighthe ag Dia: |
| 15 |
| Is eol dom t’oibreacha, nach bhfuil tú fuar ná te; dob’ fhearr liom thú bheith fuar nó te. |
| 16 |
| D’á bhrigh sin, ó thárla thú bheith bog‐the, gan bheith te ná fuar, scéithfead as mo bhéal amach thú. |
| 17 |
| De bhrigh go n‐abrann tú, Atáim saidhbhir agus maoin ar mo mhian agam, gan uireasbhaidh éinnidh orm; gan a fhios agat gur tusa an duine dearóil, anróiteach, bocht, dall, lomnocht: |
| 18 |
| cómhairlighim duit ór do h‐ath‐bhruithneadh i dteinidh do cheannach uaim‐se, chum go mbéidh tú saidhbhir, agus éadaighe geala chum clúdach do chur ort féin, chum nach bhfeicfear náire do lomnochtachta; agus ungadh le cuimilt ar do shúilibh, chum go bhfeicidh tú. |
| 19 |
| An méid is ionmhain liom, do‐bheirim achmhusán dóibh agus smachtuighim iad: bí‐se dúthrachtach d’á bhrigh sin, agus déan aithrighe. |
| 20 |
| Féach, atáim im’ sheasamh ag an doras ag bualadh: má éisteann aon duine lem’ ghuth, agus an doras d’fhoscailt, tiocfad isteach chuige, agus íosad suipéar i n‐éinfheacht leis, agus íosaidh seisean i n‐éinfheacht liom‐sa. |
| 21 |
| An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad de chead dó suidhe síos i n‐éinfheacht liom im’ righ‐chathaoir, fá mar rugas féin buaidh, agus do shuidheas síos i n‐éinfheacht lem’ Athair ’n‐a righ‐chathaoir‐sean. |
| 22 |
| An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1951/revelation/003.mp3
22
3