Ina dhiaidh sin chonaic mé ceithre aingeal ina seasamh ar cheithre chúinne an domhain agus ceithre ghaoth an domhain á gcoimeád siar acu i dtreo nach séidfeadh aon ghaoth ar tír ná ar muir, ná ar aon chrann.
Ansin chonaic mé aingeal eile ag gabháil suas ó éirí gréine agus séala le Dia beo aige, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar na ceithre aingeal ar ar cuireadh de chúram dochar a dhéanamh do thalamh agus do mhuir,
Ina dhiaidh sin b' shiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir d' aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.
Bhí na haingil go léir ina seasamh mórthimpeall na ríchathaoireach agus na seanóirí agus na gceithre dhúil, agus chaith siad iad féin ar a n-aghaidh os comhair na ríchathaoireach ag adhradh Dé
Dúirt mé mar fhreagra air: «A Thiarna liom, tá fhios agat.» Agus dúirt sé liom: «Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n-éidí i bhfuil an Uain.
Uime sin tá siad os comhair ríchathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus d' oíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa ríchathaoir, beidh sé ina measc á gcosaint;
Óir, an tUan atá i lár baill ag an ríchathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.'