Tiomna Nua 1970
|
| 1 |
| Agus shéid an cúigiú haingeal a thrumpa, agus chonaic mé réalta tite ó neamh go talamh, agus tugadh eochair thobar an duibheagáin dó; |
| 2 |
| agus dʼoscail sé tobar an duibheagáin; agus dʼéirigh toit as an tobar mar thoit foiméise móire, agus dhorchaigh an ghrian agus an t-aer ó thoit an tobair. |
| 3 |
| Tháinig ansin lócaistí amach as an toit ar an talamh, agus tugadh cumhacht dóibh mar an chumh-acht a bhíos ag scairpe an domhain; |
| 4 |
| agus bhí sé crosta orthu baint le féar ná fás glas ná le crainn an talaimh, ná dochar a dhéanamh don chine daonna, ach amháin na daoine sin nach bhfuil séala Dé ar chlár a n-éadan; |
| 5 |
| a chead acu a bpianadh i gcaitheamh cúig mhí, ach gan a marú, agus bhí a bpianta mar an phian a thagas ó scairp nuair a chuireann sí a ga i nduine. |
| 6 |
| Agus sna laethanta úd beidh iarraidh ag na daoine ar a mbás gan é le fáil acu; agus dúil mhór acu le bás, agus an bás ag teitheadh uathu. |
| 7 |
| Agus is amhlaidh a bhí na lócaistí agus cuma orthu mar eachra gléasta chun catha; a gcimi mar a bheadh corónacha óir orthu; a ngnúiseanna mar ghnúiseanna daoine, |
| 8 |
| a bhfolt mar fholt ban, agus a bhfiacla mar fhiacla leon; |
| 9 |
| bhí lanna mar lúirigh chruach orthu, agus bhí gliogar as a sciatháin mar shlua mór capall is carbad ina rith chun catha. |
| 10 |
| Bíonneireabaill mar scairpe acu agus gathanna iontu, agus is ina n-eireabaill a bhíos a gcumhacht acu le pian chúig mhí a chur ar dhuine. |
| 11 |
| Bíonn aingeal an duibheagáin mar rí orthu; Abaddon is ea a ainm san Eabhrais, agus tugtar Apollíón, an scriostóir, air i nGréigis. |
| 12 |
| Tá an chéad mhairg thart; ach seo dhá mhairg eile le teacht go fóill. |
| 13 |
| Shéid an séú haingeal a thrumpa ansin, agus chuala mé glór as ceithre adharc na haltóra órga a bhíos os comhair Dé, |
| 14 |
| ag rá leis an séú haingeal a raibh an trumpa aige, “Scaoil na ceithre haingeal atá ceangailte ag abhainn mhór na hEúfráite.” |
| 15 |
| Scaoileadh mar sin na ceithre haingeal a bhí réidh ullamh ag fanacht le cothrom na huaire agus an lae agus na míosa agus na bliana ina maródh siad trian an chine dhaonna. |
| 16 |
| Bhí an marcshlua deich mile faoi dheich mile faoi dhó ann; chuala mé á gcomhaireamh iad. |
| 17 |
| Agus is amhlaidh a chonaic mé na heich agus na marcaigh i mʼfhís; bhí lúirigh ar dhath tine agus saifíre agus ruibhe ar na marcaigh, agus bhí cinn na n-each mar chinn leon ann, agus tine agus toit agus ruibh as a gcraos. |
| 18 |
| Mharaigh na trí phlá seo trian an chine dhaonna, mar atá an tine agus an toit agus an ruibh a tháinig amach as a gcraois. |
| 19 |
| Mar bíonn cumhacht na n-each ina mbéil agus ina n-eireabaill; bíonn a n-eireabaill mar nathracha nimhe a bhfuil cinn orthu, agus is leosan a dhéanann siad an dochar. |
| 20 |
| Agus an méid de na daoine a fágadh, nár thug na plánna seo a mbás, ní dheama siad aithreachas i saothar a lámh agus níor stad siad dʼadhradh na ndeamhan agus na n-íola dʼór agus dʼairgead agus de chré-umha agus de chloch agus dʼadhmad, atá gan amharc ná éisteacht ná siúl; |
| 21 |
| agus ní dhearna siad aithreachas sa dúnmharú ná san asarlaíocht ná sa drúis ná sa ghadaíocht a bhí déanta acu! |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1970/revelation/009.mp3
22
9