Bhí clann mhac ag bean Ghileád chomh maith, agus nuair a d' fhás clann a mhná, thiomáineadar Iaftá amach, agus dúradar leis: «Ní bheidh aon chuid agat i dteach ár n-athar, mar is mac mná deoranta thú.»
Ach dúirt Iaftá le seanóirí Ghileád: «Nach sibhse a thug fuath dom agus a thiomáin as teach m' athar amach mé? Cad a b' áil libh ag teacht chugam anois agus sibh i gcruachás?»
Agus dúirt seanóirí Ghileád le Iaftá: «Sin é díreach an fáth gur chasamar ort anois; tar linn; cuir cogadh ar na hAmónaigh agus bí i do cheann orainn, i do cheann ar a bhfuil ina gconaí i nGileád.»
D' fhreagair Iaftá seanóirí Ghileád: «Má thugann sibh ar ais abhaile mé le troid leis na hAmónaigh, agus go dtugann an Tiarna an lámh in uachtar dom orthu, an mbeidh mé i mo cheann oraibh?»
Chuir Iaftá chun bóthair dá bhrí sin le seanóirí Ghileád, agus cheap na daoine mar cheann agus mar cheannasaí orthu féin é; rinne Iaftá a choinníollacha go léir a aithris arís i Mizpeá i bhfianaise an Tiarna.
Ansin chuir Iaftá teachtairí go rí na nAmónach á rá leis: «Cad é an t-aighneas seo eadrainn a rá is gur tháinig tú chugam chun cogaidh a chur ar mo thír?»
D' fhreagair rí na nAmónach teachtairí Iaftá: «Mar, nuair a bhí Iosrael ag teacht as an Éigipt, ghabhadar seilbh ar mo thírse ón Arnón go dtí an Iaboc, agus go dtí an Iordáin. Tabhair ar ais é go síochánta anois, dá bhrí sin.»
Ansin chuir Iosrael teachtairí go rí Eadóm á rá: 'Lig dúinn gabhail trí do thír, le do thoil'; ach ní éistfeadh rí Eadóm. Chuireadar teachtairí go rí Mhóáb chomh maith, ach ní bheadh sé sásta. D' fhan Iosrael i gCáidéis dá bhrí sin.
Ansin ghabhadar tríd an bhfásach agus timpeall ar thír Eadóm agus ar thír Mhóáb nó go rabhadar lastoir de chríocha Mhóáb. Shuigh an pobal a longfort taobh thall den Arnón, gan dul thar theorainn Mhóáb, mar is í an Arnón féin teorainn Mhóáb.
Ansin chuir Iosrael teachtairí go dtí Síochon rí na nAmórach a bhí i réim i Heisbeon, agus dúirt Iosrael leis: 'Lig dúinn, le do thoil, gabháil trí do thalamh go dtí ár dtír féin.'
Ach ní ligfeadh Síochon d' Iosrael gabháil trína chríocha; chruinnigh sé a mhuintir ó léir le chéile dá bhrí sin, shuíodar a longfort i Iáhaz, agus chuir sé cath ar Iosrael.
Nach bhfuil greim agaibh ar gach ar bhain Camóis bhur ndia dá sealbhóirí? Tá greim againne chomh maith ar gach ar bhain an Tiarna ár nDia dá sealbhóirí.
Fad a bhí Iosrael ag cur fúthu i Heisbeon agus ina shráidbhailte, nó in Aroéir agus ina shráidbhailte nó in aon cheann de na cathracha ar bhruach na Iordáine (ar feadh trí chéad bliain), cad ina thaobh nár ghnóthaigh sibh na háiteanna sin ar ais i gcaitheamh an ama sin?
Maidir liomsa, ní dhearna mé aon choir i bhur n-aghaidh, ach tá sibhse ag déanamh éagóra orm trí bheith ag cur cogaidh orm. Tugadh an Tiarna, an breitheamh, breith inniu idir clann Iosrael agus na hAmónaigh.»
Tháinig spiorad an Tiarna ar Iaftá agus ghabh sé sin trí Ghileád anonn agus trí Mhanaise gur shroich sé Mizpeá i nGileád agus ghluais sé ó Mhizpeá i nGileád ar chúl na nAmónach.
is leis an Tiarna go dearfa an té is túisce a thiocfaidh i mo dháil as doirse mo thí agus mé ag casadh abhaile go caithréimeach tar éis cath a chur ar na hAmónaigh agus déanfaidh mé an duine sin a ofráil ina íobairt uileloiscthe.»
Rinne sé iad a chiapadh ó Aroéir geall leis go Minít (fiche cathair) agus go hÁbael Carámaím gur chuir a n-ár agus a n-eirleach i dtreo gur cloíodh na hAmónaigh ag clann Iosrael.
Tháinig Iaftá ar ais chun a thí féin i Mizpeá ansin agus féach, tháinig a iníon amach ina dháil le ceol tiompán agus le rince. Ba í a leanbh aonair í, mar ní raibh mac ná iníon aige ach ise amháin.
Nuair a chonaic sé í stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: «Uch, a iníon ó, cad é mar bhrón a chuireann tú orm! Mo mhairg gur thusa is cúis le mo chumha. Óir thug mé gealltanas don Tiarna agus ní thig liom dul siar ar mo mhóid.»
Agus dúirt sise leis: «A athair, má thug tú gealltanas don Tiarna, déan de réir na móide a rinne tú, ó d' imir an Tiarna díoltas thar do cheann ar do naimhde, ar na hAmónaigh.»
Lean sí uirthi agus dúirt lena hathair: «Déantar an méid seo ar mo shonsa: lig dom imeacht uait agus dhá mhí a chaitheamh ar na sléibhte chun go gcaoinfidh mé m' óghacht i bhfochair mo chompánach.»
D' fhreagair seisean: «Imigh leat,» agus lig sé uaidh í go ceann dhá mhí. D' imigh sí mar sin, í féin agus a compánaigh, agus chaoin sí a hóghacht ar na sléibhte.
Agus i gceann dhá mhí, tháinig sí ar ais chun a hathar agus rinne seisean léi de réir na móide a bhí tugtha aige. Níor chuir sí aithne riamh ar fhear. Rinne nós de in Iosrael