Tionóladh fir Eafráim, agus chuadar sall i dtreo Záfón, agus dúradar le Iaftá: «Cén fáth a ndeachaigh tú sall chun catha leis na hAmónaigh gan a iarraidh orainne dul leat? Cuirfimid do theach trí thine ar do mhullach.»
D' fhreagair Iaftá iad: «Bhí brú mór orm féin agus ar mo mhuintir; bhí na hAmónaigh ag luí go crua orainn. Ghlaoigh mé oraibh teacht, ach níor fhuascail sibh mé as a lámha.
Nuair a chonaic mé nach dtiocfadh sibh i gcabhair orm, chuir mé m' anam i bhfiontar agus chuir mé chun bóthair in aghaidh na nAmónach, agus thug an Tiarna ar láimh dom iad. Cén fáth a bhfuil sibhse ag teacht inniu chun cogadh a chur orm?»
Ansin chruinnigh Iaftá sluaite Ghileád go léir agus chuir cath ar Eafráim, agus chuir sluaite Ghileád an teitheadh ar Eafráim mar go raibh siadsan á rá: «Níl ionaibh ach lucht tréigthe Eafráim, a Ghileádacha, i lár Eafráim agus Mhanaise!»
Ghabh na Gileádaigh áthanna na Iordáine ar na hEafráimigh. Ansin nuair a deireadh aon teifeach ó Eafráim: «Scaoil anonn mé!» deireadh fir Ghileád: «An as Eafráim duit?» Nuair a deireadh sé: «Ní hea,»
deiridís leis: «Abair sibolet más ea,» agus deireadh sé: «Suibolet,» mar nach bhfeadfadh sé an focal a fhoghrú i gceart. Ansin ghabhaidís é agus chuiridís chun báis é ag áthanna na Iordáine. Cailleadh dhá mhile agus daichead d' fhir Eafráim an uair sin.
Bhí deichniúr is fiche mac aige agus deichniúr agus fiche iníon. Thug sé a iníonacha le pósadh lasmuigh dá fhine, agus thug deichniúr is fiche brídeog isteach chun a chlann mhac. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh seacht mbliana.