Seo iad na ciníocha a cheadaigh an Tiarna a fhanacht sa tír d' fhonn Iosrael a thriail tríothu, iad sin go léir in Iosrael is é sin nach raibh aon taithí acu ar chogadh i gCanán.
(Ar mhaithe le glúine chlann Iosrael é sin, d' fhonn ceird an chogaidh a mhúineadh dóibh, dóibh siúd ar a laghad nach raibh taithí acu ar chogadh roimhe sin):
cúigear, taoiseach na bhFilistíneach, na Canánaigh go léir, na Síodónaigh, na Hitigh a bhí ag cur fúthu ar Shliabh na Liobáine, ó ardáin Bhál Hearmón go Bealach Hamát.
Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael, agus thug sé ar láimh iad do Chúisean Riseátaím, rí Eadóm. Bhí pobal Iosrael faoi dhaoirse ag Chúisean Riseátaím ar feadh ocht mbliana.
Tháinig spiorad an Tiarna air, agus rinne breitheamh de in Iosrael. Chuaigh sé chun cogaidh agus thug an Tiarna Cúisean Riseátaím, rí Eadóm, ar láimh dó, agus bhí an lámh in uachtar aige ar Chúisean Riseátaím.
rinne pobal Iosrael an t-olc i bhfianaise an Tiarna. Neartaigh an Tiarna Eaglón rí Mhóáb in aghaidh Iosrael, mar go dearnadar an t-olc i bhfianaise an Tiarna.
Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus ardaigh an Tiarna fuasclóir dóibh, Éahúd mac Ghéará, an Biniáimineach, ciotóg. Cheap clann Iosrael é lena gcáin a thabhairt d' Eaglón rí Mhóáb.
Ach d' fhill sé féin ar ais ó Íola Ghilgeál, agus dúirt: «Tá teachtaireacht rúin agam duit, a rí.» «Ciúnas,» a d' fhógair an rí agus amach leis na giollaí go léir óna láthair.
Isteach le Éahúd chuige agus é ansiúd ina aonar ina shuí ina sheomra fionnuar uachtair. «Tá teachtaireacht ó Dhia agam duit, a rí,» arsa Éahúd. D' éirigh an rí ina sheasamh as a shuíochán.
Nuair a bhí sé imithe, tháinig na giollaí agus d' fhéachadar; bhí an glas ar dhoirse an tseomra uachtair. «Ag déanamh a ghnó ar chúl an tseomra fhionnuair,» ar siad leo féin, «atá sé.»
D' fhanadar agus d' fhanadar go dtí go rabhadar i bponc ceart; ansin, mar nár oscail sé doirse an tseomra uachtair, fuaireadar an eochair agus d' osclaíodar iad. Ba shiúd a dtiarna marbh ar an urlár.
Nuair a shroich sé críocha Iosrael shéid sé ar an adharc in ardáin Eafráim; tháinig clann Iosrael anuas ó na hardáin in éineacht leis, agus eisean i gceannas orthu.
Dúirt sé leo: «Leanaigí mise óir rinne an Tiarna bhur namhaid Móáb a thabhairt ar láimh daoibh.» Lean siad é dá bhrí sin, agus ghabh áthanna na Iordáine in aghaidh na Móábach gan a ligean do chaonaí dul sall.