A Thiarna, nuair a chuir tú chun bóthair ó Shaeír, Nuair a ghabh tú trí chríocha Eadóm, Tháinig crith ar thalamh agus suaitheadh ar neamh, Agus d' imigh scamaill ina mbáisteach.
An mhuintir ar dhual dóibh seasamh do Dhia Ní raibh focal astu. As cúig cathracha, níor tháinig oiread agus sciath, Gan oiread agus sciath as daichead míle in Iosrael!
le gártha lúcháire an phobail, Agus iad cruinnithe ag na láithreacha uisce. Maíonn siad as beannachtaí an Tiarna ansiúd, As beannachtaí a réimis in Iosrael. (Mhairseáil pobal an Tiarna síos chun na ngeataí.)
Múscail, múscail, a Dheabórá, Múscail, múscail, agus abair amhrán. Éirigh, a Bhárác, agus bíodh misneach agat; Déan géibheannaigh de lucht do ghéibhnithe, A mhic Aibíonoam!
Tá taoisigh Eafráim sa ghleann; Tá bhur mbráithre Biniáimin ag gabháil le bhur ndíormaí. Chuir na ceannairí chun siúil ó Mhácaír Agus ó Zabúlun lucht iompartha slat an cheannais.
Tá flatha Íosácár i dteannta Dheabórá; Tá Naftáilí sa ghleann le Bárác agus á leanúint le teann deabhaidh. I measc srutháin Reúbaen, Tá cúraimí faoi chaibidil go fadálach.
Cad ab áil libh ag moilliú i measc na gcróite Ag éisteacht le píobaireacht i measc na dtréad? (I measc srutháin Reúbaen, Tá cúraimí faoi chaibidil go fadálach.)
D' fhan Gileád thar Iordáin. Cad ab áil le Dán a bheith i measc loingeas na gcoimhthíoch? Shuigh Áiséar go sochma ar fheorainn na farraige, Ag cur faoi go síochánta ag a chalaí.
«Mallacht ar Mhaeróz,» arsa aingeal an Tiarna. Mallacht agus mallacht eile ar an muintir a chónaíonn ann, Mar nár tháinig siad i gcabhair ar an Tiarna, I gcabhair ar an Tiarna in aghaidh na dtreon.
Shín sí a lámh agus rug ar an bpionna Agus ina deasláimh rug greim ar thuairgnín an oibrí. Bhuail sí buille ar Shíseará agus bhrúigh a phlaosc; Bhasc sí a uisinn agus chuir an pionna tríthi.
Tá sí ag gliúcaíl ag an bhfuinneog, Máthair Shíseará, agus ag féachaint tríd an gcrannaíl. «Cén mhoill atá ar a charbad ag teacht? Cén fáth a bhfuil a eachra faoina gcarbaid chomh mall?»
«Nach bhfuil siad cheana féin ag bailiú, ar ndóigh, agus ag roinnt na creiche? Ógbhean nó beirt do gach laoch; Fallaing, nó dhá fhallaing dhaite do Shíseará; Carbhat, dhá charbhat le bróidnéireacht domsa!»
Go dté do naimhde go léir ar ceal, ar an gcuma sin, a Thiarna! Go raibh do chairde mar an ghrian, Agus í ag éirí i lán a nirt! Agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain.