shuídís a longfort ina gcríocha, agus scriosaídís toradh na talún ar fud na tíre go himill Ghazá, gan beatha ar bith a fhágáil ag Iosrael, caora, ná damh, ná asal.
Mar thagaidís chomh tiubh le lócaistí lena n-eallach agus lena mbothanna; níorbh fhéidir a líon féin ná líon a gcamall a áireamh, i dtreo go gcreachaidís an dúiche ina ngabhaidís.
chuir an Tiarna fáidh go clann Iosrael, agus dúirt sé leo: «Seo mar a deir an Tiarna: 'Sheol mé aníos ón Éigipt sibh, agus thug mé amach as teach na daoirse sibh;
Agus dúirt mé libh: «Mise an Tiarna bhur nDia; ná tugaigí ómós do dhéithe na nAmórach, a bhfuil sibh ag cur fúibh ina gcríocha.» Ach níor thug sibh aird ar mo ghlór.» '
Tháinig aingeal an Tiarna agus shuigh sé faoin gcrann darach in Ofrá a bhain le Ióáis, an tAibíezreach. Bhí a mhacsan Gideón ag bualadh cruithneachta sa chantaoir fhíona d' fhonn í a cheilt ar Mhidián,
Dúirt Gideón leis: «Má tá an Tiarna linn, a uasail, cén fáth, más ea, ar tharla na nithe seo uile dúinn? Agus cá bhfuil na héachtaí go léir a d' inis ár n-aithreacha dúinn, á rá: 'Nár thug an Tiarna amach as an Éigipt sinn?' Ach anois tá droim laimhe tugtha ag an Tiarna linn agus táimid tugtha isteach i láimh Mhidián aige.»
D' fhreagair seisean: «A Thiarna, conas a thiocfaidh liomsa Iosrael a shaoradh? Is é mo fhinese an fine is laige i Manaise, agus is mise is lú cumas i dteaghlach m' athar.»
Guím thú gan imeacht as seo nó go dtiocfaidh mé chugat arís agus go dtabharfaidh mé m' íobairt chugat, agus go gcuirfidh mé i do láthair í.» Agus d' fhreagair seisean: «Fanfaidh mé go dtiocfaidh tú ar ais.»
D' imigh Gideón abhaile ansin agus d' ullmhaigh meannán agus builíní aráin gan ghabháile as éafá plúir. Chuir sé an fheoil i gciseán agus an t-anraith i gcorcán agus thug sé chuige iad mar a raibh sé faoin dair. Nuair a dhruid sé leis,
dúirt Dia leis: «Beir leat an fheoil, agus na builíní gan ghabháile, agus cuir ar an gcarraig seo iad, agus doirt an t-anraith orthu.» Rinne sé amhlaidh.
Leis sin shín aingeal an Tiarna barr na slaite a bhí ina láimh, gur bhain leis an bhfeoil agus leis na builíní gan ghabháile. Phreab tine as an gcarraig ansin agus loisc an fheoil agus na builíní gan ghabháile, agus leis sin sceinn aingeal an Tiarna as amharc.
Dúirt an Tiarna leis an oíche sin: «Faigh gamhain ramhar d' athar, an dara ceann. Leag anuas an altóir do Bhál atá ag d' athair, agus gearr anuas an cuaille naofa taobh léi.
Tóg altóir chloch dea-chumtha don Tiarna do Dhia ar bharr an fharragáin seo. Ansin faigh an gamhain ramhar, an dara ceann, agus íobair é mar íobairt dhóite le hadhmad an chuaille a bheidh gearrtha anuas agat.»
Thogh Gideón deichniúr dá ghiollaí agus rinne mar a dúirt an Tiarna leis. Ach le barr eagla roimh a theaghlach féin agus muintir an bhaile é sin a dhéanamh leis an lá, rinne sé é leis an oíche.
Nuair a d' éirigh muintir an bhaile ar maidin lá arna mharach, féach! bhí altóir Bhál leagtha anuas, an cuaille naofa a bhí taobh léi scriosta, agus an gamhain ramhar eile ofráilte ina íobairt dhóite ar an altóir eile a tógadh.
Ansin dúirt muintir an bhaile le Ióáis: «Tabhair amach do mhac, mar ní foláir é a chur chun báis, mar gur leag sé anuas altóir Bhál, agus gur ghearr sé anuas an cuaille naofa a bhí taobh leis.»
Ach dúirt Ióáis leis an muintir go léir a bhí cruinnithe ina aghaidh: «An bhfuil fonn oraibh aighneas a dhéanamh ar mhaithe le Bál, agus seasamh leis? (Aon duine a dhéanfaidh aighneas ar mhaithe le Bál, cuirtear chun báis é roimh mhaidin.) Más dia é, déanadh sé a chuid aighnis dó féin, ós rud é gur scriosadh a altóir.»
Chuir sé teachtairí ar fud Mhanaise go léir chomh maith agus d' fhreagair siadsan é. Chuir sé teachtairí go hÁiséar, go Zabúlun, agus go Naftáilí agus amach leo sin chuige chomh maith.
féach, seo lomra olla á leathadh agam ar an urlár buailte. Má bhíonn drúcht ar an lomra amháin, agus an t-urlár go léir tirim, ansin beidh a fhios agam go ndéanfaidh tú Iosrael a fhuascailt le neart mo láimhe, mar a dúirt tú.»
Ansin labhair Gideón arís le Dia: «Ná bí i bhfearg liom má labhraím arís eile! Lig dom aon triail amháin eile fós a dhéanamh leis an lomra. Bíodh an lomra amháin tirim, agus bíodh drúcht ar an urlár go léir ina thimpeall.»