Dúirt muintir Eafráim le [Gideón]: «Cad ab ail leat leathchuma mar seo a dhéanamh orainn; agus gan glaoch orainn nuair a chuaigh tú chun cogaidh le Midián?» Rinneadar casaoid ghéar ina aghaidh,
Thug Dia taoisigh Mhidián, Oraeb agus Zeib, ar láimh daoibh. Cad a ba fhéidir domsa a dhéanamh seachas sibhse?» Ansin chuaigh a bhfearg ar ceal ar chlos na bhfocal sin.
Dúirt sé dá bhrí sin le muintir Shucót: «Tugaigí roinnt builíní aráin do mo lucht leanúna, le bhur dtoil, mar tá siad traochta agus táimse sa tóir ar Zeaba agus Zalmuná, ríthe Mhidián.»
Agus dúirt Gideón: «Tá go maith mar sin! Nuair a thabharfaidh an Tiarna Zeaba agus Zalmuná ar láimh dom, déanfaidh mé bhur bhfeoil a stolladh le deilgneach fásaigh agus le seacha.»
Bhí Zeaba agus Zalmuná i gCarcor lena n-arm, timpeall cúig mhíle dhéag fear, a raibh fagtha ar fad d' arm mhuintir an Oirthir. Bhí céad agus a fiche míle de lucht iompair airm ar lár.
Ansin tháinig sé go muintir Shucót agus dúirt leo: «Seo iad Zeaba agus Zalmuná a ndearna sibh achasán a chaitheamh liom ina dtaobh, á rá: 'Arán a thabhairt do d' arm traochta! An ea go bhfuil greim agat cheana féin ar Zeaba agus Zalmuná?'»
Ansin dúirt sé le Zeaba agus Zalmuná: «Cér leis ar chosúil na fir a mharaigh sibh ag Tábór?» «Cosúil leat féin,» ar siad; «ba gheall le mac rí gach duine díobh ar a iompar.»
D' fhreagair Gideón: «Ba dheartháireacha dom iad, clann mo mháthar féin; dar an Tiarna beo, dá ndéanfadh sibh anacal anama orthu, ní chuirfinn chun báis sibh.»
Ansin d' ordaigh sé do Ieitir an mac ba shine aige: «Éirigh agus cuir chun báis iad!» Ach níor tharraing an mac a chlaíomh; ní raibh sé de mhisneach aige; ní raibh ann ach ógánach.
Ansin dúirt Zeaba agus Zalmuná: «Éirigh féin agus maraigh sinn; óir tá neart fir de réir mar atá an fear sin.» Ansin d' éirigh Gideón féin agus mharaigh Zeaba agus Zalmuná, agus ghearr anuas na stuanna a bhí ar mhuiníl a gcamall.
Dúirt muintir Iosrael le Gideón ansin: «Bí i gceannas orainn thú féin agus do chlann mhac, agus mac do mhic chomh maith, mar d' fhuascail tú sinn as láimh Mhidián.»
Dúirt Gideón leo: «Tá achainí agam oraibh; tugadh gach duine agaibh na fáinní as a chreach dom» bhí fáinní óir á gcaitheamh ag an dream a cloíodh mar ba Ísméiligh iad.
Ba é meáchan na bhfainní óir a d' éiligh sé ná míle seacht gcéad seicil óir, seachas na toirc, agus na siogairlíní agus na héidí corcra a chaitheadh ríthe Mhidián, agus na stuanna a bhíodh timpeall ar mhuiníl a gcuid camall.
Rinne Gideón éafód de seo go léir agus chuir é ina chathair féin, in Ofrá. Ina dhiaidh rinne Iosrael go léir striapachas ina leith agus ba ghaiste do Ghideón agus dá mhuintir é.
Fuair Iosrael an lámh in uachtar ar Mhidián ar an gcuma sin, agus níor ardaíodar a gceann arís, agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain, fad a mhair Gideón.