«Cuirigí an cheist seo, le bhur dtoil, chun ceannairí Sheicim: 'Cé acu is fearr daoibh, deichniúr agus trí fichid, clann Iarubál ar fad, a bheith i gceannas oraibh nó aon duine amháin?' Cuimhnigí leis gur cnámh de bhur gcnámh agus feoil de bhur bhfeoil mise.»
Labhair bráithre a mháthar mar sin faoi le ceannairí uile Sheicim, agus tháinig lé acu le hAibímeilic, «Mar,» a dúradar leo féin, «is bráthair dúinn é.»
D' imigh sé leis ansin go teach a athar in Ofrá, agus mharaigh a bhráithre, clann mhac Iarubál, deichniúr agus trí fichid díobh ar an aon leac. Ach d' éalaigh Iótám an mac a ba óige le Iarubál, mar bhí sé imithe i bhfolach.
Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá: «Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim, i dtreo go n-éistfidh Dia libhse.
Dúirt an crann olóige leo, ámh: ' An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhéathras, Lena dtugtar onóir do Dhia agus do dhaoine Chun a bheith i réim ar na crainn?'
Ach d' fhreagair an fhiniúin iad: ' An amhlaidh a thréigfidh mise m' fhíon A chuireann áthas croí ar Dhia agus ar dhaoine D' fhonn bheith i réim ar na crainn?'
Ach dúirt an dris leis na crainn: ' Más mian libh dáiríre mise a ungadh i mo rí oraibh féin, Tagaigí ar scáth mo ghéag; É sin nó tagadh tine as an dris Agus loisceadh sí céadrais na Liobáine.'
«Dá réir sin, más le dea-intinn agus le hionracas a rinne sibh rí d' Aibímeilic, agus má bhí sibh go cóir cothrom le Iarubál agus lena theaghlach, agus má chúitigh sibh leis de réir mar a thuill a bheartasan
ach seo sibhse inniu agus ceannairc déanta agaibh in aghaidh theaghlach m' athar, a sheachtó mac básaithe agaibh ar an aon leac, agus Aibímeilic, mac a dhaoirsí, ceaptha mar rí agaibh ar cheannairí Sheicim mar gur gaol daoibh féin é
más le dea-intinn agus le hionracas a phléigh sibh inniu le Iarubál, agus lena chlann, a deirim, gur chúis lúcháire agaibh é Aibímeilic, agus sibhse aigesean.
Ach mura ndearna sibh, go dtaga tine as Aibímeilic amach, agus go n-ídí sí muintir Sheicim agus Bhéit Mileo; agus go dtaga tine as ceannairí Sheicim agus Bhéit Mileo agus go n-ídí sí Aibímeilic.»
Is mar sin a bhí d' fhonn go ndéanfaí an choir a rinneadh in aghaidh Iarubál agus a sheachtó mac a agairt, agus go bhfillfeadh a bhfuil sa mhullach ar a mbráthair Aibímeilic a chuir chun báis iad, agus ar cheannairí Sheicim a chabhraigh leis a bhráithre a mharú.
Mar olc air, chuir ceannairí Sheicim dream in eadarnaí ar mhullach na sléibhte agus chreachaidís aon duine a ghabh an treo. Insíodh é sin d' Aibímeilic.
Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d' itheadar, d' óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic.
Dúirt Gál mac Eibid: «Cé he Aibímeilic, seachas sinne, muintir Sheicim, a rá is go ndéanfaimis fónamh dó? Nár chirte do mhac Iarubál agus Zabul, a leagáid, fónamh do mhuintir Hamór, athair Sheicim? Cén fáth go mbeimis inar ndaoir aige?
Chuir sé teachtairí go hAibímeilic in Arúmá á rá: «Féach, tá Gál mac Eibid agus a ghaolta tagtha go Seicim agus tá an chathair a griogadh acu i d' aghaidh.
Ansin le héirí gréine ar maidin, éirigh amach go tapa agus tabhair faoin gcathair. Nuair a thiocfaidh Gál agus a chuid fear i d' aghaidh cuir an cluiche air de réir mar a oirfidh.»
Nuair a chonaic Gál na fir dúirt sé le Zabul: «Féach, seo fir anuas ó mhullach na sléibhte.» «Is ann is dóigh leat,» arsa Zabul leis, «gur fir iad scáthanna na sléibhte.»
«Cá bhfuil an béal mór sin agat anois?» arsa Zabul leis, «tusa, a dúirt, ' Cé hé Aibímeilic a rá is go ndéanfaimis fónamh dó?' Nach iad seo an mhuintir dá ndearna tú beagsea? Amach leat anois dá bhrí sin agus cuir cath orthu!»
Thug sé leis a chuid fear, roinn iad ina dtrí díormaí agus chuaigh in eadarnaí sna goirt. Nuair a chonaic sé na fir ag teacht as an gcathair, d' ionsaigh sé iad agus dhíothaigh iad.
Ghabh Aibímeilic agus an díorma a bhí in éineacht leis ar aghaidh go láithreacha ag béal gheata na cathrach, ach d' ionsaigh an dá dhíorma eile na fir go léir sna goirt agus chuireadar a n-ár.
Chaith Aibímeilic an lá sin go léir ag ionsaí na cathrach; ghabh sé í de ruathar, mharaigh a raibh inti, scartáil an chathair ó bhonn agus chuir salann mar shíol inti.
ghabh sé Sliabh Zalmón suas lena chuid fear go léir. Ansin rug sé greim ar thua, ghearr anuas gabháil bhrosna, d' ardaigh agus chuir ar a ghualainn é. Agus dúirt sé leis an muintir a bhí in éineacht leis: «Déanaigí aithris ar a bhfuil déanta agamsa, agus déanaigí sin go tapa.»
Ghearr gach duine díobh a ghabháil bhrosna dá bhrí sin, agus lean Aibímeilic agus leag ar an lusca é, agus chuireadar an lusca trí thine ar a mullach. Díscíodh muintir Thúr Sheicim uile chomh maith, timpeall míle fear agus bean.
Ach bhí túr daingean sa chathair agus theith muintir na cathrach go léir, idir fhir agus mhná, chun dídine ann; d' iadar an doras agus chuadar in airde ar dhíon an túir.
Ghlaoigh sé ar an toirt ar a ghiolla airm agus dúirt leis: «Tarraing do chlaíomh gan mhoill agus cuir chun báis mé, d' fhonn nach ndéarfaí fúm: 'Mharaigh bean é!'» Rop a ghiolla claíomh tríd dá bhrí sin agus fuair sé bás.