Chuaigh Boaz go dtí an geata agus shuigh sé ansiúd, agus seo chuige an gaol gairid ar ar labhair sé. Dúirt Boaz: «Gabh i leith, a chara, agus suigh taobh liom,» agus tháinig sé agus shuigh.
Shíleas nár mhiste é sin a insint duit agus a rá leat: Ceannaigh é i bhfianaise na muintire atá ina suí anseo, agus i bhfianaise seanóirí mo phobail. Más mian leat do cheart fuascailte air a chur i bhfeidhm, fuascail é. Mura ndéanann tú, inis dom é agus beidh a fhios agam, mar seachas tusa, níl aon duine eile chun é a fhuascailt ach mise; ach tá an tosach agat orm.» Dúirt sé: «Táim sásta é a fhuascailt.»
Ansin lean Boaz air: «An lá a cheannóidh tú an paiste talún ó láimh Náoimí, ceannóidh tú [Rút] chomh maith, an Móábach, baintreach an mhairbh, agus ar an gcuma sin tabharfaidh tú a ainm ar ais dá oidhreacht.»
Ansin dúirt an té a raibh an ceart fuascailte aige: «Ní féidir dom feidhm a bhaint as mo cheart fuascailte dá réir sin gan m' oidhreacht féin a chur i bhfiontar. Cuirse féin mo cheart fuascailte i bhfeidhm ós rud é nach féidir domsa é a dhéanamh.»
Ba é an nós é sa seansaol in Iosrael i ngnóthaí fuascailte nó malartaithe, d' fhonn margadh a dhaingniú, go mbainfeadh duine a chuarán de, agus é a thabhairt don duine eile, agus ba mar sin a dhéantaí an daingniú in Iosrael i láthair finnéithe.
Ansin dúirt Boaz leis na seanóirí agus leis an bpobal uile: «Finnéithe sibh inniu air gur cheannaigh mé ó láimh Náoimí gach ar bhain le Eilímeilic, le Cilión agus le Machlón;
mar an gcéanna gur cheannaigh mé Rút an Móábach, baintreach Mhachlón le bheith mar bhean agam, chun ainm an mhairbh a choimeád buan ar a oidhreacht d' fhonn nach dteipfeadh ainm an mhairbh i measc a bhráithre ná ag geata a bhaile dúchais. Finnéithe air sin sibhse.»
Dúirt a raibh ag an ngeata agus na seanóirí: «Is finnéithe sinn. Go ndéana an Tiarna an bhean atá ag teacht ar do theaghlach a thabhairt ar aon dul le Ráchael agus le Léá, an bheirt a thóg suas teaghlach Iosrael as láimh a chéile. Go raibh an rath ort in Eafrátá, agus cáil ort i mBeithil.
Tabharfaidh an leanbh misneach duit agus beidh sé mar theannta agat i do sheanaois, óir is í bean do mhic a rug é, an té ar mo é do ghrá di na do sheachtar mac.»