×

Bíobla Naofa 1981

1 Samúéil 1

1
Bhí fear áirithe ann ó Rámátaím Zóifím i sléibhte Eafráim. Sé ainm a bhí air Ealcáná mac Iarohám mhic Eilíhiú mhic Thochú mhic Zúf, Eafráimeach.
2
Bhí beirt bhan aige; Hanná a ba ainm do dhuine díobh agus Pinineá a ba ainm do dhuine eile. Bhí clann ar Phinineá, ach ní raibh ar Hanná.
3
Théadh an fear seo suas gach bliain as a chathair féin chun adhradh agus chun íobairt a ofráil do Thiarna na Slua i Sileo. Bhí beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás, mar shagairt leis an Tiarna ansiúd.
4
An lá a dhéanadh Ealcáná íobairt thugadh sé scaireanna do Phinineá a bhean agus dá clann mhac agus iníonacha go léir.
5
Bíodh gurbh ionúin leis Hanná, ní thugadh sé ach scair amháin di, toisc gur dhruid an Tiarna a broinn.
6
A comhleacaí mná, bhíodh sí ag caitheamh achasán léi, ag spochadh aisti, á chasadh léi gur dhruid an Tiarna a broinn.
7
Mar sin a bhí, bliain i ndiaidh na bliana; gach uair dá dtéadh Hanná suas go teach an Tiarna, bhíodh Pinineá ag caitheamh achasán léi. Bhíodh Hanná ag gol dá bharrsan agus ní chaitheadh sí greim bia.
8
Ansin dúirt Ealcáná a fear léi: «A Hanná, cad chuige a bhfuil tú ag gol? Cad chuige nach bhfuil tú ag ithe? Cad chuige go bhfuil tú dubhach? Nach fearr mise agat na deichniúr mac?»
9
Nuair a bhí bia agus deoch caite acu i Sileo, d' éirigh Hanná agus sheas sí os comhair an Tiarna. Bhí Éilí an sagart ina shuí ina chathaoir láimh le hursain theampall an Tiarna.
10
Bhí sí an-bhuartha agus ghuigh sí an Tiarna agus na deora léi go goirt.
11
Thug sí móid á rá: «A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.»
12
Lean sí uirthi ag guí i láthair an Tiarna agus bhí Éilí ag breathnú ar a béal,
13
mar bhí Hanná ag labhairt ina croí agus a beola ag corraí ach gan aon ghlór le cloisteáil. Shíl Éilí dá bhrí sin go raibh sí ar meisce
14
agus dúirt sé léi: «An fada a bheidh tú ar meisce? Cuir uait do chuid fíona.»
15
D' fhreagair Hanná: «Ní amhlaidh atá agam, a mháistir,» ar sí, «ach is bean mé ar a bhfuil an-doilíos croí. Níor ól mé fíon ná deoch chrua ach bhí m' anam á dhoirteadh amach agam i láthair an Tiarna.
16
Ná bí á cheapadh gur bean táir mé; mar i rith an achair is amhlaidh a bhí mé ag cásamh le barr bróin agus buairimh.»
17
D' fhreagair Éilí ansin: «Imigh faoi shíocháin, agus go dtuga Dia Iosrael duit ar iarr tú air.»
18
Agus dúirt sise: «Go bhfaighe do bhanóglach fabhar i do láthair.» Ansin d' imigh an bhean léi; [d' fhill sí ar an halla], d' ith bia, agus ní raibh cuma ghruama uirthi níos mó.
19
D' éirigh siad go moch ar maidin agus rinne adhradh i láthair an Tiarna, agus d' fhill siad abhaile go Rámá. Luigh Ealcáná lena bhean Hanná agus chuimhnigh an Tiarna uirthi.
20
Ghabh sí gin, agus in am agus i dtráth rug sí mac agus thug Samúéil mar ainm air, toisc, ar sí «gur iarr mé ar an Tiarna é.»
21
An bhliain dár gcíonn ghabh Ealcáná agus a chlann go léir suas chun an íobairt bhliantúil a ofráil don Tiarna agus a mhóid a chomhlíonadh don Tiarna.
22
Ach ní dheachaigh Hanná, mar dúirt sí lena fear: «Nuair a bhainfear an leanbh den chíoch, tabharfaidh mé liom ansin é agus cuirfear i láthair an Tiarna é, agus fanfaidh sé ansiúd go brách.»
23
Dúirt Ealcáná a fear ansin léi: «Déan mar is fearr a fheictear duit: fan go mbainfidh tú den chíoch é. Go gcuire an Tiarna a bhfuil ráite aige i gcrích.» D' fhan an bhean mar a raibh aici dá bhrí sin agus thug diúl don leanbh nó gur bhain den chíoch é.
24
Nuair a bhain sí ó dhiúl é, thug sí léi é, maille le tarbh trí bliana, agus éafá plúir, agus soitheach fíona; thug sí go teach an Tiarna i Sileo é, agus é fós ina leanbh óg.
25
Ansin mharaíodar an tarbh, agus thugadar an leanbh do Éilí.
26
Dúirt sí «A mháistir, dar do bheo, mise an bhean a sheas anseo láimh leat ag guí chun an Tiarna.
27
Seo é an leanbh á bhí a iarraidh agam, agus dheonaigh an Tiarna dom an rud a d' iarr mé air.
28
Uime sin thug mé suas don Tiarna é lena shaol. Tá sé tugtha suas don Tiarna.» [D' fhag sí] ansiúd ag an Tiarna é.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí