×

Bíobla Naofa 1981

1 Samúéil 11

1
[Timpeall mí ina dhiaidh sin], ghabh Nácháis an tAmónach suas agus chuir léigear ar Iáibéis Gileád. Dúirt muintir Iáibéis go léir le Nácháis: «Déan conradh linn agus beimid faoi do réir.»
2
Ach is é a dúirt Nácháis an tAmónach leo: «Déanfaidh mé conradh libh ar an gcoinníoll seo amháin.i. go mbainfidh mé an tsúil dheas as gach duine agaibh; tabharfaidh mé an tarcaisne sin d' Iosrael go léir.»
3
Dúirt seanóirí Iáibéis leis: «Tabhair cairde seacht lá dúinn i dtreo go gcuirfimid teachtairí ar fud críocha Iosrael, agus mura dtagann aon duine i gcabhair orainn, rachaimid anonn chugaibh.»
4
Nuair a tháinig na teachtairí go Gibeá le Sól agus a d' insíodar an scéala don phobal, chromadarsan ar ghol agus olagón.
5
Bhí Sól ag filleadh ón ngort i ndiaidh a dhamh. Dúirt Sól: «Cad tá orthu? Cén fáth a bhfuil an pobal ag lógóireacht?» D' insíodar dó a raibh ráite ag na fir ó Iáibéis.
6
Luigh an Spiorad Naomh go tréan ar Shól ar chlos na bhfocal sin agus tháinig fraoch feirge air.
7
Rug sé ar sheisreach damh, ghearr ina spólaí iad, agus sheol sé ó cheann ceann Iosrael iad trí lámha teachtairí, á rá: «An té nach máirséalfaidh le Sól agus le Samúéil, sin í an íde a thabharfar ar a dhaimh!» Tháinig sceimhle roimh an Tiarna ar an bpobal ansin agus mháirseáladar go léir amach d' aonbhuíon.
8
Rinne sé iad a iniúchadh ag Beizic; bhí trí chéad míle de chlann Iosrael ann agus tríocha míle fear ó Iúdá.
9
Dúirt siad ansin leis na teachtairí a bhí tagtha: «Abraigí le muintir Iáibéis Gileád: 'Tiocfar i gcabhair oraibh amárach faoin am a mbeidh teas sa ghrian.'» D' imigh na teachtairí agus thugadar an scéala sin go muintir Iáibéis agus chuir sin lúcháir orthu.
10
Dúirt muintir Iáibéis [le Nácháis]: «Rachaimid anonn chugaibh amárach, agus ní miste daoibh bhur rogha rud a dhéanamh linn.»
11
Lá arna mhárach roinn Sól an slua ina thrí dhíorma; ropadar isteach sa champa le faire na maidine agus bhíodar ag déanamh áir ar na hAmónaigh go corp an lae. Cuireadh a leithéid sin de scaipeadh ar fhuíoll an áir nár fagadh beirt díobh le chéile.
12
Dúirt na daoine le Samúéil ansin: «Cé a dúirt ' An mbeidh Sól ina rí orainn?' Tugtar anseo chugainn iad le cur chun báis.»
13
Ach d' fhreagair Sól: «Ní chuirfear aon duine chun báis inniu, óir rinne an Tiarna fuascailt ar Iosrael inniu.»
14
Dúirt Samúéil ansin leis an bpobal: «Téanaigí go Gilgeál agus déanaimis an ríocht a dhearbhú arís ann.»
15
Chuaigh an pobal go léir go Gilgeál dá bhrí sin agus d' fhógraíodar Sól ina rí ansiúd i láthair an Tiarna i nGilgeál. D' ofráladar íobairtí comaoineach ansiúd i láthair an Tiarna agus lúcháir thar na bearta ar chlann Iosrael go léir.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí