Seo mar a deir Tiarna na Slua: 'Déanfaidh mé díoltas ar son a ndearna Amáiléic ar Iosrael nuair a chuir sé ina gcoinne agus iad ar an mbealach aníos as an Éigipt.
Téigh anois agus buail Amáiléic agus cuir é féin agus a bhfuil aige faoin mbang. Ná tabhair anacal dó, ach scrios é idir fhear agus bhean, leanbh agus bhunóc, dhamh agus chaora, chamall agus asal.'»
Agus dúirt Sól leis na Céinigh: «Seo libh síos! Imígí, fágaigí bhur mbailte i measc na nAmáiléiceach le heagla go scriosfainn sibhse mar aon leo, óir bhí sibh cineálta le clann Iosrael go léir nuair a thángadar ón Éigipt aníos.» Scar na Céinigh dá bhrí sin ó na hAmáiléicigh.
Ach rinne Sól agus an pobal anacal ar Agag agus ar thogha na gcaorach agus an eallaigh, na mart ramhar agus na n-uan, agus gach rud fónta; níorbh áil leis iadsan a chur faoin mbang; níor chuireadar faoin mbang ach gach suarachán agus gach truán.
«Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d' fhág mo lorg, agus rinne faillí i m' orduithe.» Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.
Chuaigh Samúéil amach ar maidin go moch le bualadh le Sól; fuair Samúéil scéala go raibh sé imithe go Cairmeil chun leacht a thógáil dó féin, agus gur chas agus gur ghabh sé ar aghaidh as sin síos go Gilgeál.
«Thugadar leo iad ó na hAmáiléicigh,» arsa Sól, «mar go ndearna an pobal anacal ar thogha na gcaorach agus na ndamh lena n-ofráil don Tiarna, do Dhia-sa; chuireamar an chuid eile faoin mbang.»
Dúirt Samúéil: «Bíodh gur beag an meas atá agat ort féin nach bhfuil tú i do cheann ar threibheanna Iosrael? Rinne an Tiarna thú a ungadh i do rí ar Iosrael
Cad chuige mar sin nár gheill tú do ghlór an Tiarna? Cad chuige ar thug tú ruathar ar an gcreach agus an rud is olc i bhfianaise an Tiarna a dhéanamh?»
D' fhreagair Sól Samúéil: «Ní amhlaidh a bhí; ach ghéill mé do ghlór an Tiarna, agus chuaigh mé ar an misean ar ar sheol an Tiarna mé; thug mé Agag rí na nAmáiléiceach liom agus leag mé na hAmáiléicigh faoin mbang.
Ach d' fhreagair Samúéil: «An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtí ná go n-éistfí go humhal le glór an Tiarna? Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt, is fearr géilliúlacht ná geir reithí.
Peaca asarlaíochta is ea an cheannairc. Éigeart agus íoladhradh is ea an easumhlaíocht. Toisc gur thug tusa an diúltú do bhriathar an Tiarna, thug seisean an diúltú duitse mar rí.»
Ach dúirt Samúéil le Sól: «Ní fhillfidh mé leat, mar gur thug tú droim le briathar an Tiarna; thug an Tiarna droim leatsa chomh maith mar rí ar Iosrael.»
«Pheacaigh mé,» arsa [Sól], «ach tabhair urraim éigin dom i láthair seanóirí mo phobail agus i láthair Iosrael, agus fill ar ais liom le go ndéanfainn an Tiarna do Dhia a adhradh.»
Dúirt Samúéil: «Mar a d' fhág do chlaíomh mná gan chlann, Fágfar do mháthair gan chlann i measc na mban.» Ansin rinne Samúéil Agag a choscairt ina ablach i láthair an Tiarna i nGilgeál.