Chuir na Filistínigh tionól ar a sluaite chun catha; chruinníodar le chéile i Sócó, baile in Iúdá, agus shuíodar a gcampa idir Sócó agus Azaecá in Eifis Daimím.
Chruinnigh Sól agus fir Iosrael chomh maith agus shuíodar a gcampa i nGleann Éileá agus chóiríodar iad féin in eagar catha in aghaidh na bhFilistíneach.
Bhí sáfach a shleá mar bhíoma fíodóra, agus sé chéad seicil de mheáchan iarainn mar cheann ar an tsleá sin. Bhí giolla roimhe amach ag iompar a scéithe.
Sheas sé os comhair sluaite Iosrael agus d' fhógair dóibh in ard a chinn agus a ghutha: «Cad ab áil libh amach do bhur gcur féin in eagar catha? Nach Filistíneach mise agus nach sibhse daoir Shóil? Toghaigí fear díbh féin agus tagadh sé anuas i mo aghaidh.
Má ritheann leis comhrac liom agus mé a mharú, ansin beimidne inár ndaoir agaibhse; ach má bhuaimse air, agus é a mharú, beidh sibhse in bhur ndaoir againne, ag déanamh seirbhíse dúinn.»
Mac le hEafrátach ó Bheithil darbh ainm Ieise a ba ea Dáiví. Bhí ochtar mac ag Ieise, agus le linn Shól bhí sé aosta cheana féin agus [anonn sna blianta].
D' imigh an triúr mac ba shine le Ieise agus leanadar Sól chun cogaidh. Seo iad ainmneacha an triúr mac a chuaigh chun cogaidh Eilíáb an chéadghin, Aibíonádáb an dara mac agus Seamá an tríú mac.
Dúirt Ieise le Dáiví a mhac: «Beir leat an t-éafá seo de ghrán tíortha agus na deich mbuilíní seo go dtí do dheartháireacha, agus brostaigh ort go campa do dheartháireacha,
agus beir leat na deich gcáiseanna seo leo go dtí a n-oifigeach míle; cuir tuairisc sláinte do dheartháireacha agus tabhair comhartha éigin ar ais uathu.
D' éirigh Dáiví go moch ar maidin, d' fhág aoire i bhfeighil na gcaorach, d' ardaigh leis an lón, agus d' imigh mar a d' ordaigh Ieise dó. Tháinig sé go dtí an longfort agus an slua ag dul amach chun a láithreacha troda, agus an gháir chatha á cur in airde acu.
Fad a bhí sé ag caint leo, seo aníos ó shluaite na bhFilistíneach, an gaiscíoch (darbh ainm Góla, an Filistíneach ó Ghat); labhair sé mar a dhéanadh cheana agus chuala Dáiví é.
Dúirt fir Iosrael: «An bhfaca tú an fear seo ag teacht aníos anois? Tá sé ag teacht chun dúshlán Iosrael a thabhairt. An té a mharóidh é, tabharfaidh an rí mórchuid maoine dó, agus a iníon le pósadh, agus tabharfaidh sé saoirse Iosrael do theaghlach a athar.»
Chuir Dáiví ceist ansin ar na fir a bhí ina seasamh taobh leis: «Cén luach saothair a gheobhaidh an té a mharóidh an Filistíneach seo agus a ghlanfaidh an smál d' Iosrael? Cé hé an Filistíneach seo gan timpeallghearradh a bhfuil sé de dhánaíocht aige masla a thabhairt do shluaite Dé bheo?»
Eilíáb, an deartháir ba shine aige, chuala sé é ag caint leis na fir agus tháinig fearg air le Dáiví agus dúirt: «Cad a thug thusa anseo anuas? Cé a d' fhág tú i bhfeighil an chúpla caora úd san fhásach? Is eol dom d' uabhar agus an t-olc i do chroí; tháinig tú ó dheas chun faire ar an gcath.»
théinn sa tóir air, bhuailinn chun láir é, agus bhaininn as a bhéal é; dá dtabharfadh sé aghaidh orm, bhéarfainn ar mheigeall air agus bhuailfinn chun láir é agus mharóinn.
Mharaigh do shearbhónta idir leoin agus bheithreacha, agus tabharfar an íde chéanna leo ar an bhFilistíneach seo gan timpeallghearradh ós rud é gur thug sé a dhúshlán le sluaite Dé bheo.»
Lean Dáiví air: «An Tiarna a d' fhuascail mé ó lapaí an leoin agus na beithre, déanfaidh sé mé a fhuascailt ó láimh an Fhilistínigh seo.» Dúirt Sól le Dáiví: «Imigh, agus go raibh an Tiarna leat!»
Chroch sé a chlaíomh os cíonn a éide [ar Dháiví]. Ach cheal taithí ar na fearais sin, níorbh fhéidir le Dáiví siúl leo. «Ní féidir dom siúl leo seo,» arsa Dáiví le Sól, «cheal taithí orthu.» Bhain Dáiví de arís ansin iad.
Rug sé greim ar a bhachall dá bhrí sin, thogh cúig clocha sleamhna as leaba an tsrutháin agus chuir chuige ina mhála nó ina sparán aoire iad; d' imigh sé leis ansin in aghaidh an Fhilistínigh agus a chrann tabhaill ina láimh aige.
Dúirt an Filistíneach le Dáiví: «An madra mise, a rá go bhfuil tú ag teacht i m' aghaidh le bataí?» Agus chuir an Filistíneach mallacht ar Dháiví dar a dhéithe féin.
Ach d' fhreagair Dáiví an Filistíneach: «Tá tú ag teacht i m' aghaidh le claíomh agus le sleá agus le ga, ach táimse ag teacht i d' aghaidhse in ainm Tiarna na Slua, Dia airm Iosrael, ar thug tú a dhúshlán.
Tabharfaidh an Tiarna isteach i mo láimh thú inniu agus leagfaidh mé ar lár thú; bainfidh mé an ceann díot; agus inniu féin tabharfaidh mé coirp shluaite na bhFilistíneach d' éanlaith an aeir agus d' ainmhithe an mhachaire, chun go mbeidh a fhios ag an domhan go léir go bhfuil Dia in Iosrael,
agus go mbeidh a fhios ag an gcomhthionól seo ar fad nach le claíomh ná le sleá a dhéanann an Tiarna fuascailt, mar is leis an Tiarna an cath agus tabharfaidh sé sibhse isteach inár lámhana.»
A thúisce a chorraigh arm na bhFilistíneach agus a dhruid chun tosaigh chun aghaidh a thabhairt ar Dháiví, [scar] Dáiví leis an líne chatha agus rith i gcoinne an Fhilistínigh.
Chuir Dáiví a lámh ina mhála, thóg cloch as, agus chaith as a chrann tabhaill í gur bhuail an Filistíneach i gclár a éadain; ghabh an chloch trí chlár a éadain agus thit sé ar a bhéal ar an talamh.
Sin mar a rug Dáiví bua ar an bhFilistíneach le crann tabhaill agus le cloch gur bhuail an Filistíneach agus gur mharaigh é, gan aon chlaíomh ina láimh ag Dáiví.
Rith Dáiví ansin go dtí an Filistíneach, sheas os a chionn, rug greim ar a chlaíomh siúd, tharraing as a thruaill é, agus mharaigh é agus bhain an ceann de leis. Nuair a chonaic na Filistínigh go raibh a gcuradh marbh, theitheadar.
Ar aghaidh le fir Iosrael agus Iúdá ag cur a ngáir chatha astu agus chuireadar tóir ar na Filistínigh go himill Ghat agus go geataí Eacrón. Bhí Filistínigh ghonta sa chosair chró ar feadh an bhóthair ó Sheáraím go Gat agus Eacrón.
Nuair a chonaic Sól Dáiví ag dul in aghaidh an Fhilistínigh dúirt sé le hAibnéar: «A Aibnéar, cé leis an t-ógánach seo?» «Dar do bheo, a rí,» arsa Aibnéar, «nach eol dom.»