Cibé uair a ghabhadh Dáiví amach, agus cibé cúram a chuireadh Sól air, ritheadh leis, agus chuir Sól i gceannas na saighdiúirí é. Bhí gean ag an bpobal air agus ag oifigigh Shóil chomh maith.
Nuair a bhí siad ar an mbealach abhaile agus Dáiví ag filleadh tar éis dó an Filistíneach a mharú, tháinig na mná amach as cathracha Iosrael go léir in airicis an rí, Sól, iad ag canadh agus ag rince agus ag seinm tiompán, agus gléasanna ceoil agus ag tógáil gártha áthais.
Tháinig cuthach ar Shól agus ghoill an chaint sin air. Agus dúirt sé: «Chuir siad na deicheanna de mhílte i leith Dháiví agus níor chuir siad i mo leithse ach na mílte. Níl de dhíth air anois ach an ríocht.»
Lá arna mhárach ghabh drochspiorad ó Dhia greim de ruathar ar Shól, agus bhuail taom buile é ina theach, agus Dáiví ag seinm na cruite mar ba ghnáth leis gach lá. Bhí a shleá ina láimh ag Sól
Ansin dúirt Sól le Dáiví: «Seo í an iníon is sine agam, Méarab; tabharfaidh mé duit í mar bhean; ach ní foláir duit seirbhís a dhéanamh dom go cróga agus cathanna an Tiarna a throid» mar is é a shocraigh Sól ina aigne: «Nárab í mo lámhsa a leagfaidh ar lár é, ach lámh na bhFilistíneach.»
Dúirt sé leis féin, «Sea, tabharfaidh mé dó í, agus beidh sí ina gaiste dó agus buailfidh lámh na bhFilistíneach é.» Dúirt Sól dá bhrí sin an dara huair le Dáiví: «Beidh tú i do chliamhain agam.»
Thug Sól ordú dá ghiollaí mar leanas dá bhrí sin: «Labhraigí le Dáiví os íseal agus abraigí: 'Féach, tugann an rí gean duit agus tá cion ag a shearbhóntaí go léir ort; bí i do chliamhain ag an rí más ea.'»
Dúirt giollaí Shóil na nithe sin go léir i gcogar le Dáiví; agus d' fhreagair Dáiví: «An dóigh libh go bhfuil sé breá bog agamsa a bheith i mo chliamhain ag an rí agus mé gan mhaoin gan cháil.»
D' fhreagair Sól: «Abraigí le Dáiví: 'Níl de spré ón rí ach céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach mar dhíoltas ar naimhde an rí.'» Bhí Sól á bheartú go dtitfeadh Dáiví le láimh an bhFilistíneach.
d' éirigh Dáiví agus chuir chun bealaigh, é féin agus a chuid fear, agus mharaigh sé dhá chéad de na Filistínigh. Thug Dáiví a dhá gcéad forchraiceann leis agus chomhair ansiúd i láthair an rí iad, ionas go mbeadh sé ina chliamhain ag an rí. Ansin thug Sól a iníon Míceal dó mar bhean.
Théadh taoisigh na bhFilistíneach amach chun catha, ach gach uair a théidís chun catha ba mhó í caithréim Dháiví ná caithréim cheannairí Shóil go léir, agus bhí clú agus cáil dá réir air.