Ansin ghuigh Hanná mar leanas: «Tá mórtas croí orm sa Tiarna. Cuireadh breis le mo neart sa Tiarna. Tá mo bheola ag déanamh fonóide faoi mo naimhde, Mar gur lúcháir liom do chumas slánaithe.
Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.
Déanfar smidiríní de naimhde an Tiarna; Beidh an Té is Airde ag toirneach ina n-aghaidh sna flaithis. Tugann an Tiarna a bhreith ar chríocha na cruinne; Bronnann sé neart ar a rí Agus breis cumhachta ar a ungthach.»
agus ba chuma leo faoi chearta an tsagairt i leith a phobail. Nuair a d' ofráladh duine íobairt, thagadh giolla an tsagairt agus an fheoil á bruith; bhíodh forc trí bheann ina láimh
agus ropadh sé sa choire nó sa phota é agus thugadh an sagart leis a dtugadh an forc aníos. Mar sin a dhéanaidís leis na hIosraelaigh go léir a thagadh ansiúd go Sileo.
Thagadh giolla an tsagairt aníos fiú sula mbeadh an tsaill dóite agus deireadh leis an té a bhíodh ag déanamh na híobartha: «Tabhair feoil don sagart le róstadh; ní thógfaidh sé feoil bhruite uait, ach feoil amh.»
Dá ndéarfadh an duine: «Dóidís an tsaill, ar dtús, agus ansin tóg cibé rud is mian leat,» deireadh sé, «Cuir uait! Tabhair dom anois é, nó neachtar acu, tógfaidh mé liom é le láimh láidir.»
Ansin thugadh Éilí a bheannacht d' Ealcáná agus a bhean á rá: «Go mbronna an Tiarna clann ort ón mbean seo in áit an mhic a thug sí suas don Tiarna.» Ansin théidís abhaile.
D' fhiosraigh an Tiarna Hanná: toirchíodh í agus rug sí triúr mac agus beirt iníon. Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag fás aníos os comhair an Tiarna.
Cé go raibh Éilí an-aosta faoin am seo, fuair sé fios gach ní a bhí á dhéanamh ag a chlann mhac ar Iosrael go léir (agus go mbídís ag luí leis na mná a bhíodh ag freastal ag doras Bhoth na Teagmhála).
Má pheacaíonn fear in aghaidh fir eile, tá Dia aige mar idirghabhálaí; ach má pheacaíonn sé in aghaidh an Tiarna, cé dhéanfaidh idirghuí ar a shon?» Ach thugadar an chluas bhodhar dá n-athair, mar ba é toil an Tiarna iad a chur chun báis.
Tháinig giolla Dé go hÉilí agus dúirt leis: «Deir an Tiarna: 'Nár nocht mé mé féin do theaghlach d' athar agus iad i ndaoirse ag muintir Fhorainn san Éigipt?
Thogh mé féin iad as treibheanna Iosrael go léir le bheith ina sagairt, le dul suas chun m' altóra, le túis a dhó, leis an éafód a iompar; do theaghlach d' athar a thug mé m' íobairtí loiscthe ó chlann Iosrael go léir.
Cad ab áil libh más ea súil na sainte a chaitheamh ar na híobairtí agus ar na hofrálacha a d' ordaigh mé? Agus onóir a thabhairt do bhur gclann thar mar a thugann sibh dom féin, á gcothú ar thogha spólaí na n-ofrálacha go léir ó mo phobal Iosrael?
Uime sin agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d' athar i m' fhianaise go brách, anois, áfach sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu.
Féach, tá na laethanta ag teacht nuair a smiotfaidh mé do neart agus neart theaghlach d' athar i dtreo nach bhfágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach.
An duine agaibh nach scriosfaidh mé ó m' altóir, fanfaidh sé lena shúile a dhalladh agus lena mhisneach a chreimeadh; ach scriosfar an bhreis ar do theaghlach le claíomh [na bhfear].
Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m' intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m' ungthaigh go brách.
Gach duine de do theaghlach a fhágfar, tiocfaidh siad ar a nglúine chuige, ag lorg bonn airgid nó builín aráin á rá: Tabhair gnó beag éigin sagairt dom le déanamh le do thoil, d' fhonn go mbeadh greim éigin aráin le hithe agam.'»