Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Tháinig Dáiví ansin go Nob go dtí Aichímeilic, sagart. Tháinig Aichímeilic amach go hurramach in airicis Dháiví agus dúirt: «Cén fáth a bhfuil tú i d' aonar agus gan aon duine leat?» |
| 2 |
| D' fhreagair Dáiví Aichímeilic sagart: «Thug an rí ordú dom agus dúirt liom: 'Ná bíodh aon eolas ag aon duine faoin ngnó ar a bhfuilim do do chur, ná faoin ordú atáim a thabhairt duit.' Maidir le mo shaighdiúirí, tá coinne déanta agam leo ina leithéid seo d' áit. |
| 3 |
| Idir an dá linn, céard atá ar láimh anseo agaibh? Tabhair dom cúig bhuilín nó cibé rud atá ar fáil.» |
| 4 |
| D' fhreagair an sagart Dáiví: «Níl aon arán coiteann ar láimh agam; níl ann ach arán naofa ar choinníoll gur staon do chuid fear ó mhná.» |
| 5 |
| D' fhreagair Dáiví an sagart: «Bí deimhin de go bhfuil mná coiscthe orainn faoi mar a bhíonn i gcónaí nuair a théim ar eachtra; tá a gcuid coinnithe naofa ag mo shaighdiúirí. Cé gur aistear coiteann é seo, tá a gcuid naofa inniu go cinnte.» |
| 6 |
| Thug an sagart an t-arán naofa dó dá bhrí sin mar nach raibh d' arán ann ach arán na láithreachta a thógtar ó láthair an Tiarna le harán te a chur ina áit an lá a thógtar é. |
| 7 |
| Tharla duine de shearbhóntaí Shóil a bheith ansiúd an lá sin, é coinnithe i láthair an Tiarna; Doéig an tEadómach a ba ainm dó agus ba é ceannaire tréadairí Shóil é. |
| 8 |
| Dúirt Dáiví ansin le hAichímeilic: «Nach bhfuil aon sleá ná claíomh ar láimh anseo agat? Níor thug mé mo chlaíomh ná m' airm liom mar go raibh práinn le gnó an rí.» |
| 9 |
| «Claíomh Ghóla an Filistíneach an té a mharaigh tú i nGleann Éileá,» arsa an sagart, «féach, tá sé ansiúd thall, agus éadach fillte air laistiar den éafód. Más mian leat é sin a bhreith leat, déan, mar níl anseo ach é.» «Níl a leithéid eile ann,» arsa Dáiví. «Tabhair dom é.» |
| 10 |
| D' imigh Dáiví leis an lá sin, agus theith ó Shól, agus tháinig go hÁicís rí Ghat. |
| 11 |
| Agus dúirt searbhóntaí Áicís leis-sean: «Nach é seo Dáiví, rí na tíre? Nach ina thaobh a chanaidís le chéile ag rince dóibh: ' Mharaigh Sól a mhílte, Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte'?» |
| 12 |
| Rinne Dáiví a mhachnamh ar na focail seo ina chroí, agus tháinig scanradh air roimh Áicís rí Ghat. |
| 13 |
| Dhéanadh sé é féin a iompar go haisteach ina láthair, agus nuair a leagaidís lámha air ligeadh sé air a bheith ar buile. [Bhuaileadhl sé ar chomhlaí an gheata agus ligeadh prioslaí lena fhéasog síos. |
| 14 |
| Dúirt Áicís lena shearbhóntaí: «Féach, tá an fear seo as a mheabhair! Cén fáth ar thug sibh chugamsa é? |
| 15 |
| An amhlaidh nach bhfuil go leor gealt agam a rá is go bhfuil an duine seo á thabhairt agaibh chugam le bheith ag geamaíocht i mo láthair? An bhfuil sé le bheith ar mo theaghlach?» |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/1samuel/021.mp3
31
21