3 Ansin roghnaigh Sól trí mhíle fear tofa as Iosrael go léir, agus thug sé leis iad chun Dáiví agus a lucht leanúna a lorg taobh thoir de Charraigeacha na nGabhar Fiáin.
4 Agus tháinig sé fad leis na cróite caorach a bhí cois na slí, áit a raibh pluais. Chuaigh Sól isteach sa phluais chun a ghnó a dhéanamh. Bhí Dáiví agus a lucht leanúna ina suí i bhfad siar istigh sa phluais.
5 Agus dúirt a lucht leanúna le Dáiví: «Is é seo an lá a ndúirt an Tiarna leat ina thaobh: 'Féach, tabharfaidh mé do namhaid isteach i do láimh duit, chun go mbeidh tú in ann do rogha rud a dhéanamh leis.'» D' éirigh Dáiví ina sheasamh agus ghearr sé an t-íochtar anuas de chlóca Shóil gan fhios dó.
7 agus dúirt sé lena lucht leanúna: «Nár lige an Tiarna go ndéanfainn an rud seo le mo thiarna, ná go sínfinn mo lámh amach ina aghaidh, ós é fear ungtha an Tiarna é.»
9 Ina dhiaidh sin tháinig Dáiví amach as an bpluais freisin agus scairt sé ar Shól á rá: «A Thiarna, a rí!» Nuair a bhreathnaigh Sól ina dhiaidh, chrom Dáiví síos go talamh agus d' umhlaigh dó.
11 Féach, chonaic tú le do shúile cinn inniu gur thug an Tiarna isteach i mo láimh thú sa phluais. Agus bhí siad ann a dúirt liom thú a mharú. Ach lig mé do bheo leat. Dúirt mé: 'Ní shínfidh mé mo lámh amach in aghaidh mo thiarna, ós é fear ungtha an Tiarna é.'
12 Féach, a athair, go bhfuil íochtar do chlóca i mo láimh agam. Ghearr mé an t-íochtar anuas de do chlóca, ach níor mharaigh mé thú. Caithfidh tú a thuiscint agus a fheiceáil, dá réir sin, nach bhfuil urchóid ná tréas ar aigne agam. Níor chiontaigh mé i d' aghaidh, bíodh go bhfuil tú sa tóir orm chun mé a mharú.
16 Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh mar sin agus go dtuga sé breithiúnas idir mé is tú; go bhféacha sé chuige agus breithiúnas a thabhairt ar mo shon agus mé a shaoradh ó do láimh.»