Chuir na Filistínigh tionól ar a sluaite sna laethanta úd chun dul chun catha le hIosrael. Agus dúirt Áicís le Dáiví: «Bíodh a fhios agat go rachaidh tusa freisin agus do chuid fear ar an slógadh liom.»
D' fhreagair Dáiví Áicís: «Tá go maith! Beidh a fhios agat cad is féidir le do sheirbhíseach a dhéanamh.» Agus dúirt Áicís le Dáiví: «An-mhaith! Ceapfaidh mé thú mar gharda cosanta orm le do shaol.»
Bhí Samúéil tar éis bháis, agus chaoin Iosrael go léir é agus d' adhlacadar é i Rámá, a chathair féin. Bhí na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha ag Sól as an tír.
Chuir Sól bréagriocht air féin agus malairt éide agus chuir chun bealaigh agus beirt ina choimhdeacht; san oíche a rinneadar an t-aistear chun na mná. «Taispeáin dom,» ar sé, «a bhfuil le teacht le cabhair spioraid; tabhair aníos chugam an té a ainmneoidh mé duit.»
D' fhreagair an bhean é: «Tá a fhios agat, ar ndóigh, cad a rinne Sól, conas mar atá na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha as an tír aige. Cad a ba áil leat, más ea, ag cur gaiste i bhfearas do m' anam leis an mbás a thabhairt orm?»
«Cén dealramh atá air?» ar sé léi. «Seanfhear atá ag teacht aníos agus brat timpeall air.» Ansin bhí a fhios ag Sól gurbh é Samúéil a bhí ag teacht agus chrom sé chun na talún agus d' umhlaigh dó.
Ansin dúirt Samúéil le Sól: «Cad ab áil leat do mo bhuaireamh do mo tharraingt aníos?» «Tá suaitheadh mór orm,» arsa Sól, «mar tá na Filistínigh i gcogadh liom, agus thréig Dia mé, gan freagra á thabhairt aige orm ó bhéal fáithe ná le cabhair aislingí. Ghlaoigh mé ortsa dá bhrí sin chun a rá liom céard ba cheart dom a dhéanamh.»
de bhrí nár ghéill tú do ghuth an Tiarna agus nár chuir tú fíoch a fheirge in aghaidh Amáiléic i gcrích. Uime sin a thugann an Tiarna an cor seo ort anois.
Mar bharr air sin déanfaidh an Tiarna Iosrael agus thusa féin a thabhairt i láimh na bhFilistíneach; agus amárach beidh tusa féin agus do chlann mhac in éineacht liom, sea agus slua Iosrael chomh maith, mar tabharfaidh an Tiarna i láimh na bhFilistíneach iad.»
Tháinig tocht ar Shól agus thit sé chun láir agus lántalún. Chuir a ndúirt Samúéil scéin air, agus bhí a neart tréigthe mar nár ith sé greim ar feadh an lae agus na hoíche sin go léir.
Tháinig an bhean go Sól ansin, agus nuair a chonaic sí an scanradh a bhí air, dúirt sí: «Féach, rinne do bhanóglach rud ort; chuir mé m' anam i bhfiontar, agus chomhlíon mé gach ar ordaigh tú dom.
Ach ní dhéanfadh; «Ní íosfaidh mé greim,» ar sé. Ach lean na giollaí orthu, agus an bhean chomh maith leo, ag tathant air, agus ghéill sé dóibh. D' éirigh sé ón talamh, agus shuigh ar an leaba.