agus rith sé leis go dtí Éilí agus dúirt: «Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.» Ach dúirt seisean: «Níor ghlaoigh mé ort; luigh síos arís.» D' imigh sé mar sin, agus luigh síos.
Ghlaoigh an Tiarna arís. «A Shamúéil!» D' éirigh Samúéil agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: «Seo anseo mé mar ghlaoigh tú orm.» Agus d' fhreagair seisean: «Níor ghlaoigh mé ort, a mhic; luigh síos arís.»
Ghlaoigh an Tiarna ar Shamúéil den tríú huair. D' éirigh seisean agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: «Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.» Thuig Éilí ansin gurbh é an Tiarna a bhí ag glaoch ar an ngasúr.
Dúirt sé le Samúéil: «Imigh agus luigh síos, agus má ghlaonn aon duine ort abair: 'Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.'» D' imigh Samúéil mar sin agus luigh sé síos ina áit féin.
Tháinig an Tiarna ansin agus sheas ansiúd agus ghlaoigh mar a rinne roimhe sin: «A Shamúéil! A Shamúéil!» D' fhreagair Samúéil: «Labhair, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.»
Ní foláir duit a insint dó go bhfuil a theaghlach á dhaoradh agam go brách, mar go raibh fios an oilc aige go raibh a chlann ag aithsiú Dé agus nár cheartaigh sé iad.
«Cén teachtaireacht a thug sé duit?» arsa Éilí, «ná ceil orm é. Go ndéana Dia seo agus siúd leat, agus a thuilleadh fós, má cheileann tú aon ní orm dá ndúirt sé leat.»