Faoin am ar shroich Dáiví agus a chuid fear Zicleag, ar an tríú lá, bhí ionradh déanta ag na hAmailéicigh ar an Neigib agus ar Zicleag. Ghabhadar Zicleag de ruathar agus chuireadar trí thine é,
Nuair a shroich Dáiví agus a mhuintir an áit fuaireadar an chathair dóite go talamh, agus a mná agus a gclann mhac agus iníonacha fuadaithe ina mbránna.
Bhí Dáiví an-bhuartha mar go raibh an pobal ag caint ar ghabháil de chlocha ann; bhí an pobal go léir gruama ina gcroí, gach duine ar son a mhac agus a iníonacha féin. Ach fuair Dáiví misneach ón Tiarna a Dhia.
Ansin chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: «An rachaidh mé sa tóir ar an gceithearn seo? An mbéarfaidh mé orthu?» D' fhreagair sé: «Téigh sa tóir orthu; béarfaidh tú orthu go cinnte agus déanfaidh tú na bránna a fhuascailt, déanfaidh tú sin.»
Chuir Dáiví chun bóthair dá bhrí sin leis an sé chéad fear a bhí ina theannta agus shroicheadar sileán Bhasór (agus d' fhan an chuid eile ina ndiaidh).
Thugadar blúire de cháca figí dó agus dhá chrobhaing rísíní; d' ith sé an méid sin agus tháinig misneach arís chuige mar ní raibh greim aráin ná deoch uisce caite aige le trí lá agus trí oíche.
Ansin chuir Dáiví ceist air: «Cé leis thú?» ar sé, «agus cad as duit?» «Éigipteach óg mé,» ar sé, «daor le hAmailéiceach; d' fhág mo mhaistir ina dhiaidh mé mar gur buaileadh breoite mé trí lá ó shin.
Dúirt Dáiví leis: «An dtreoroidh tú síos chun na ceithirne seo mé?» D' fhreagair sé: «Mionnaigh dom dar Dia nach maróidh tú mé, ná mé a thabhairt i láimh mo mháistir, agus treoróidh mé síos chun na ceithirne seo thú.»
Nuair a threoraigh sé síos é, b' shiúd iad ansiúd agus iad scaipthe ar fud na dúiche ar fad ag ithe agus ag ól agus ag rince de bharr na creiche móire a bhí tógtha acu as tír na bhFilistíneach agus as tír Iúdá.
Bhí Dáiví á dtreascairt ó chlapsholas go tráthnona lá arna mhárach agus chuir sé iad faoin mbang. Níor tháinig aon duine slán ach ceithre chéad óglach a léim ar muin camall agus a theith.
Ansin tháinig Dáiví go dtí an dá chéad a bhí rothraochta chun é a leanúint, an mhuintir a fágadh ag sileán Bhasór. Chuadarsan amach in airicis Dháiví agus na bhfear a bhí ina choimhdeacht, agus nuair tháinig Dáiví i gcóngar na ndaoine bheannaigh sé dóibh.
Ach na cladhairí agus na bithiúnaigh go léir ar na fir a d' imigh amach le Dáiví, dúradar: «Ní dheachadar inár dteannta, agus ní thabharfaimid dóibh dá bhrí sin aon chuid den chreach a d' fhuasclaíomar, ach gur féidir le gach fear a bhean agus a chlann a bhreith leis agus imeacht.»
Ach dúirt Dáiví: «Ná déanaigí aon ní dá short, [tar éis a bhfuil] déanta ag an Tiarna dúinn; chosain sé sinn agus thug sé inár láimh dúinn an cheithearn a rinne foghail orainn.
Cé réiteodh libh air sin? Is cuma roinn an té a chuaigh síos chun an chatha nó roinn an té a d' fhan leis an mbagáiste. Is ionann an roinn a gheobhaidh siad.»
Nuair a tháinig Dáiví go Zicleag, chuir sé cuid den chreach go seanóirí Iúdá, a chairde, á rá: «Seo bronntanas daoibh as an gcreach a baineadh de naimhde an Tiarna»;