Thainig muintir Chiriat Iáraím agus thugadar áirc an Tiarna leo suas, agus chuireadar isteach i dteach Aibíneádáb ar an gcnoc í, agus rinneadar mac Eileázár a choisreacan chun aire a thabhairt d' áirc an Tiarna.
Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: «Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.»
Thionóil Iosrael go léir dá bhrí sin i Mizpeá, agus tharraing siad uisce agus dhoirt siad ansiúd é i láthair an Tiarna. Rinne siad troscadh an lá sin agus d' fhógair siad: «Pheacaíomar in aghaidh an Tiarna.» Agus bhí Samúéil ina bhreitheamh ar chlann Iosrael i Mizpeá.
Nuair a chuala na Filistínigh go raibh clann Iosrael cruinnithe i Mizpeá, chuaigh flatha na bhFilistíneach suas in aghaidh Iosrael. Nuair a chuala clann Iosrael é sin tháinig eagla orthu roimh na Filistínigh.
Ansin fuair Samúéil uan diúil agus d' ofráil é ina íobairt uileloiscthe don Tiarna agus ghlaoigh sé ar an Tiarna thar ceann Iosrael agus thug an Tiarna toradh air.
Nuair a bhí Samúéil ag ofráil na híobartha dóite, dhruid na Filistínigh ina n-aice chun catha a chur ar Iosrael, ach rinne an Tiarna tréanghlór toirní an lá sin ar na Filistínigh agus chuir sceimhle orthu, agus theitheadar roimh Iosrael.
Ansin thóg Samúéil cloch agus chuir ina seasamh í idir Mizpeá agus Iseana, agus thug sé Eibin Eizir («Cloch na Cabhrach») uirthi á rá: «Thug an Tiarna cabhair dúinn chomh fada leis seo!»
Cloíodh na Filistínigh ar an gcuma sin agus níor thángadar isteach i gcríocha Iosrael a thuilleadh. Luigh lámh an Tiarna go trom ar na Filistínigh i gcaitheamh shaol Shamúéil ar fad.
Na cathracha a bhain na Filistínigh d' Iosrael, fuair Iosrael ar ais iad, ó Eacrón go Gat, agus d' fhuascail Iosrael a gcríocha ó chumhacht na bhFilistíneach. Bhí síocháin chomh maith idir Iosrael agus na hAmóraigh.