«Féach,» ar siad leis, «tá tusa sean, agus ní leanann do chlann mhac i do choiscéimeanna. Déan rí a cheapadh dúinn chun sinn a rialú ar nós na gciníocha go léir.»
Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: «Tabhair aird ar ghlór na ndaoine agus ar a ndeir siad leat. Óir ní duitse a dhiúltaigh siad, ach domsa a bheith i mo rí orthu.
Gach a ndearnadar ormsa ón lá a thug mé amach as an Éigipt iad go dtí inniu féin thugadar droim láimhe liomsa agus rinneadar seirbhís do dhéithe eile tá na nithe sin go léir á ndéanamh acu ortsa.
Dúirt sé: «Seo iad na bealaí a bheidh ag an té a bheidh ina rí oraibh: tógfaidh sé bhur gclann mhac agus ceapfaidh sé iad mar charbadóirí agus mar mharcshlua aige féin, agus ceapfaidh sé iad le rith os comhair a charbaid amach.
Ceapfaidh sé taoisigh míle, agus taoisigh leathchéad, agus cuirfidh sé cuid díobh a threabhadh a chuid gort agus a bhaint a fhómhair, a dhéanamh a threalamh cogaidh agus trealamh a charbad.
D' éist Samúéil lena raibh le rá ag an bpobal agus d' aithris sé i gcluasa an Tiarna é. Agus dúirt an Tiarna le Samúéil: «Tabhair aird ar a nglór agus déan rí a cheapadh dóibh.»