× Teanga An Eoraip Rúisis Bealarúisis Úcráinis Polainnis Seirbis Bulgáiris Slóvaice Seiceach Rómáinis Moldóvach An Asarbaiseáin Airméinis Seoirseach Albáinis Avar Bashkir Tatairis Seisniach Slóivéinis Cróitis Eastóinis Laitvis Liotuáinis Ungáiris Fionlainnis Ioruais Sualainnis Íoslainnis Gréigis Macadóinis Gearmáinis Bhaváir Ollainnis Danmhairgis Breatnais Gàidhlig Gaeilge Fraincis Bascais Catalóinis Iodáilis Galacian Romani Bosnian Meiriceá Thuaidh Béarla Meiriceá Theas Spainnis Portaingéilis Guaráinis Quechuan Aymara Meiriceá Láir Iamáice Nahuatl Kiche Qeqchi Haitian Oirthear na hÁise Sínis Seapánach Cóiréis Mongóilis Uyghur Hmong Áise Thoir Theas Malaeisia Burmais Smig Neipealais Cebuano Tagálaigis Cambóidis Téalainnis Indinéisis Vítneaimis Iávais Lao Iban IuMien Kachin Lahu Aceh Balinese Bugis Pampanga Sasak Shan Waray An Áise Theas Hiondúis Оdia Awadhi Mizo Cannadais Mailéalaimis Marathi Gúisearáitis Tamailis Teileagúis Puinseáibis Kurukh Asaimis Maithili Beangáilis Urdais Siolóinis Dogri Haryanvi Meitei Konkani Santali Sindhi Koya Thado Sanskrit Devanagari Adilabad Gondi Ahirani Balochi Bundeli Chhattisgarhi Garhwali Kangri Kumaoni Mewari Munda Sadri Seraiki Shekhawati Sylheti Lár na hÁise Cirgisis Úisbéicis Táidsícis Tuircméinis An Chasacstáin Karakalpak An Mean Oirthear Tuircis Eabhrais Araibis Peirsis Coirdis Paistis Coptach An Afraic Afracáinis Xhosa Súlúis Ndebele Sotho Amarais Wolaytta An Nigéir Mossi Ika Dinka Kabyle Caora Svahaílis Maracó Somáilis Shona Madagascar Igbo Lingala Baoule Siswati Tsonga Tswana Gambian Yoruba Kamba Ciniarwanda Hausa Chewa Luo Makua Dyula Fulfulde Kalenjin Kikuyu Kikwango Kirundi Krio Nigerian Pidgin Oroma Tshiluba Tshivenda Twi Umbundu Lugbara Luguru Pular Gussi Maasai Turkana Moba Nuer Shilluk Tamasheq Makonde Bemba Fon Hadiyya Ibibio Kimbundu Kimiiru Lango Liberian Kreyol Lomwe Mende Morisyen Ndau Nyankole Sena Sidamo Soga Songe Sukuma Tarifit Teso Tiv Zande Mór-roinn na hAstráile An Nua-Shéalainn Nua-Ghuine Phapua Sean-Theangacha Aramaic Laidin Esperanto 1 1 1 An Bíobla Naofa 1981 An Sagart 2012Ó Cuinn 1970De Siúnta 1951An Bíobla Naofa 1981Bedell 18171 1 1 2 Samúéil GeineasasEaxodusLéivíticUimhreachaDeotranaimíIósuaBreithiúnaRút1 Samúéil2 Samúéil1 Ríthe2 Ríthe1 Croinicí2 CroinicíEazráNihimiáEistirIóbSalmSeanfhocalCóheilitLaoi na LaoitheÍseáiaIrimiaLeabhar na n-OlagónEizicéilDainéilHóiséIóéilAmósObaidiáIónaMíocáNahúmHabacúcZafainiáHagZacairiaMalaicí--- --- ---MathaMarcasLúcásEoinGníomharthaRómhánaigh1 Corantaigh2 CorantaighGalataighEifisighFilipighColosaigh1 Teasalónaigh2 Teasalónaigh1 Tiomóid2 TiomóidTíteasFiléamónEabhraighSéamas1 Peadar2 Peadar1 Eoin2 Eoin3 EoinIúdApacailipsis1 1 1 18 1234567891011121314151617181920212223241 1 1 : 1 1234567891011121314151617181920212223242526272829303132331 1 1 An Bíobla Naofa 1981 2 Samúéil 18 Sábháil Nótaí 1Ansin chuir Dáiví tionól ar na sluaite a bhí ina theannta, agus cheap ceannairí mílte agus ceannairí céadta orthu.2Rinne Dáiví an t-arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: «Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.»3Ach d' fhreagair na fir: «Ná téighse amach. Má chuirtear an teitheadh orainn, is cuma leo fúinn; agus má mharaítear leath againn, is cuma leo fúinn. Ach tusa! is fiú deich míle dínn thusa! Dá bhrí sin is fearr thusa a bheith ullamh le fóirithint orainn ón gcathair.»4Dúirt an rí leo: «Déanfaidh mé mar is fearr is dóigh libh.» Sheas an rí mar sin láimh leis an ngeata nuair a ghluais na saighdiúirí amach ina gcéadta agus ina mílte.5Thug an rí ordú do Ióáb, d' Aibísí agus d' Iotaí: «Ná bígí dian ar an ógánach Aibseálóm, ar mo shonsa.»6Ghabh na sluaite amach go páirc an chatha ar an gcuma sin in aghaidh Iosrael agus fearadh an cath i bhForaois Eafráim.7Bhris lucht leanúna Dháiví ar arm Iosrael, agus rinneadh ár agus eirleach an lá sin, agus thit fiche míle fear;8agus leath an cath ar fud na dúiche go léir, agus shlog an fhoraois níos mó an lá sin ná mar a mharaigh an claíomh.9Tharla d' Aibseálóm gur bhuail sé le cuid de lucht leanúna Dháiví. Bhí Aibseálóm ag marcaíocht ar mhiúil agus bhí an mhiúil ag dul faoi chraobhacha tiubha crainn mhóir darach. Chuaigh ceann Aibseálóm i bhfostú sa chrann darach agus fágadh ar crochadh idir spéir agus talamh é ach an mhiúil a raibh sé ag marcaíocht uirthi, lean sí uirthi.10Chonaic duine éigin é seo agus thug sé an scéal do Ióáb: «Féach! chonaic mé Aibseálóm,» ar seisean, «agus é ar crochadh ó chrann darach.»11Dúirt Ióáb leis an té a thug an scéala dó: «Agus má chonaic tú é, cén fáth nár leag tú ar lár ar an toirt é? Thabharfainnse féin, le fonn, deich seicil airgid duit, agus crios chomh maith.»12«Fág go mbraithfinn meáchan míle seicil airgid ar mo ghlaic ní shínfinn mo lámh in aghaidh mhac an rí. Óir thug an rí i gcomhchlos dúinne, ordú duitse, d' Aibísí agus d' Iotaí: 'Déanaigí anacal anama ar Aibseálóm ar mo shonsa.'13Ach dá ndéanfainn feall, agus m' anam a chur i mbaol níl aon ní i bhfolach ar an rí ní ardófá méar ar mhaithe liom.»14Ansin dúirt Ióáb leis: «Ní bheidh mé ag meilt ama mar seo leat,» agus rug sé ar thrí shleá ina láimh agus sháigh sé i gcroí Aibseálóm iad agus é beo fós ansiúd ar an gcrann darach.15Ansin tháinig deichniúr ógánach, lucht iompair airm Ióáb timpeall ar Aibseálóm, agus bhuail siad é agus mharaigh.16Ansin shéid Ióáb an stoc agus d' fhill na saighdiúirí ar ais ón tóir ar Iosrael mar gur choisc Ióáb iad.17Thógadar Aibseálóm leo agus chaitheadar síos isteach i bpoll mór san fhoraois é agus thógadar carn mór os a leacht. Agus theith Iosrael go léir, gach duine chun a bhaile féin.18Agus é fós ina bheatha, rinne Aibseálóm an gallán atá i nGleann an Rí a roghnú agus a chur ina sheasamh i gcuimhne air féin. «Táim gan mac,» ar sé, «a choimeádfadh cuimhne m' ainm beo.» Bhí a ainm tugtha aige ar an ngallán, agus tugtar Gallán Aibseálóm air go dtí an lá inniu féin.19Ansin dúirt Aichímeáz mac Zádóc: «Caithfidh mé rith agus a rá leis an rí gur fhuascail an Tiarna é ó láimh a naimhde.»20Ach dúirt Ióáb: «Ní bheifeá i do theachtaire dea-scéala inniu; ach beidh tú lá éigin eile; ach ní bheidh dea-scéala agat dó inniu, mar tá mac an rí marbh.»21Ansin dúirt Ióáb leis an gCúiseach: «Imigh leat agus inis don rí a bhfaca tú.» D' umhlaigh an Cúiseach do Ióáb agus rith leis.22Ach lean Aichímeáz mac Zádóc air: «Cibé a tharlóidh,» ar sé le Ióáb, «caithfidh mise rith i ndiaidh an Chúisigh.» «Cad ab áil leat ag rith, a mhic ó? Ní bheidh aon ní agat de bharr do scéala.»23«Cibé a tharlóidh,» ar sé, «caithfidh mé rith.» «Rith leat, más ea,» arsa Ióáb. Ansin rith Aichímeáz leis bealach an mhachaire agus fuair sé an tosach ar an gCúiseach.24Bhí Dáiví ina shuí idir an dá gheata. Bhí an fear faire tar éis dul suas go dtí díon an gheata, ag an mballa; ag ardú a shúl dó d' fhéach sé agus chonaic fear ag rith leis féin.25Scairt an fear faire agus d' inis sé sin don rí. Dúirt an rí: «Má tá sé leis féin, tá scéala le hinsint aige.» Nuair a dhruid an fear níos cóngaraí fós agus é á bhaint as na bonna,26chonaic an fear faire fear eile ag rith; agus scairt an fear faire [ar bharr] an gheata: «Seo fear eile chugainn ag rith leis féin!» D' fhreagair an rí: «Tá scéala aige sin chomh maith.»27«Is dóigh liom go ritheann an chéad fhear mar a ritheann Aichímeáz mac Zádóc,» arsan fear faire. «Fear maith eisean,» arsan rí, «agus tá dea-scéala leis.»28Tháinig Aichímeáz i láthair an rí: «Bail ó Dhia ort!» ar sé, agus shléacht don rí agus chrom go talamh roimhe. «Moladh leis an Tiarna, do Dhia,» ar sé, «mar gur thug sé ar láimh an mhuintir a shín a lámh in aghaidh mo thiarna an rí.»29«An bhfuil an scéal go maith ag Aibseálóm óg?» d' fhiafraigh an rí. «Nuair a sheol Ióáb uaidh do shearbhónta, chonaic mé círéib mhór, ach níl a fhios agam cad a bhí i gceist.»30Dúirt an rí: «Téigh i leataobh agus seas ansin.» Chuaigh sé i leataobh agus d' fhan ina sheasamh.31Ansin tháinig an Cúiseach i láthair. «Dea-scéala do mo thiarna an rí!» arsa an Cúiseach. «Rinne an Tiarna thú a fhuascailt inniu ó láimh gach duine a rinne ceannairc i d' aghaidh.»32«An bhfuil an scéal go maith ag Aibseálóm óg?» d' fhiafraigh an rí den Chúiseach. D' fhreagair sé siúd: «An bhail atá ar an ógánach sin, go raibh sé ar naimhde mo thiarna an rí, agus orthu siúd uile a rinne d' aimhleas lena gceannairc.»33Tháinig ballchrith ar an rí. Chuaigh sé suas chuig an seomra os cionn an gheata agus bhris an gol air. Ar seisean agus é ag caoineadh: «A Aibseálóm, a mhic, a mhaicín liom, a Aibseálóm, a mhic liom, faraor gan mise marbh i d' áit, a Aibseálóm, a mhaicín, a mhaicín.» 19:1Irish Bible 1981 An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission An Bíobla Naofa 1981 2 Samúéil 18 00:00:00 00:00:00 0.5x 2.0x https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/2samuel/018.mp3 24 18