× Teanga An Eoraip Rúisis Bealarúisis Úcráinis Polainnis Seirbis Bulgáiris Slóvaice Seiceach Rómáinis Moldóvach An Asarbaiseáin Airméinis Seoirseach Albáinis Avar Bashkir Tatairis Seisniach Slóivéinis Cróitis Eastóinis Laitvis Liotuáinis Ungáiris Fionlainnis Ioruais Sualainnis Íoslainnis Gréigis Macadóinis Gearmáinis Bhaváir Ollainnis Danmhairgis Breatnais Gàidhlig Gaeilge Fraincis Bascais Catalóinis Iodáilis Galacian Romani Bosnian Kabardian Meiriceá Thuaidh Béarla Meiriceá Theas Spainnis Portaingéilis Guaráinis Quechuan Aymara Meiriceá Láir Iamáice Nahuatl Kiche Qeqchi Haitian Oirthear na hÁise Sínis Seapánach Cóiréis Mongóilis Uyghur Hmong Tibetian Áise Thoir Theas Malaeisia Burmais Smig Neipealais Cebuano Tagálaigis Cambóidis Téalainnis Indinéisis Sundanese Vítneaimis Iávais Lao Iban IuMien Kachin Lahu Aceh Balinese Bugis Pampanga Sasak Shan Waray An Áise Theas Hiondúis Оdia Awadhi Mizo Cannadais Mailéalaimis Marathi Gúisearáitis Tamailis Teileagúis Puinseáibis Kurukh Asaimis Maithili Beangáilis Urdais Siolóinis Dogri Haryanvi Meitei Konkani Santali Sindhi Koya Thado Sanskrit Devanagari Adilabad Gondi Ahirani Balochi Bundeli Chhattisgarhi Garhwali Kangri Kumaoni Mewari Munda Sadri Seraiki Shekhawati Sylheti Bagri Bhilali Bodo Braj Tulu Lár na hÁise Cirgisis Úisbéicis Táidsícis Tuircméinis An Chasacstáin Karakalpak An Mean Oirthear Tuircis Eabhrais Araibis Peirsis Coirdis Mazanderani Paistis Coptach An Afraic Afracáinis Xhosa Súlúis Ndebele Sotho Amarais Wolaytta An Nigéir Mossi Ika Dinka Kabyle Caora Svahaílis Maracó Somáilis Shona Madagascar Igbo Lingala Baoule Siswati Tsonga Tswana Gambian Yoruba Kamba Ciniarwanda Hausa Chewa Luo Makua Dyula Fulfulde Kalenjin Kikuyu Kikwango Kirundi Krio Nigerian Pidgin Oroma Tshiluba Tshivenda Twi Umbundu Lugbara Luguru Pular Gussi Maasai Turkana Moba Nuer Shilluk Tamasheq Makonde Bemba Fon Hadiyya Ibibio Kimbundu Kimiiru Lango Liberian Kreyol Lomwe Mende Morisyen Ndau Nyankole Sena Sidamo Soga Songe Sukuma Tarifit Teso Tiv Zande Dagbani Edo Kituba Mór-roinn na hAstráile An Nua-Shéalainn Nua-Ghuine Phapua Sean-Theangacha Aramaic Laidin Esperanto 1 1 1 An Bíobla Naofa 1981 An Sagart 2012Ó Cuinn 1970De Siúnta 1951An Bíobla Naofa 1981Bedell 18171 1 1 Iób GeineasasEaxodusLéivíticUimhreachaDeotranaimíIósuaBreithiúnaRút1 Samúéil2 Samúéil1 Ríthe2 Ríthe1 Croinicí2 CroinicíEazráNihimiáEistirIóbSalmSeanfhocalCóheilitLaoi na LaoitheÍseáiaIrimiaLeabhar na n-OlagónEizicéilDainéilHóiséIóéilAmósObaidiáIónaMíocáNahúmHabacúcZafainiáHagZacairiaMalaicí--- --- ---MathaMarcasLúcásEoinGníomharthaRómhánaigh1 Corantaigh2 CorantaighGalataighEifisighFilipighColosaigh1 Teasalónaigh2 Teasalónaigh1 Tiomóid2 TiomóidTíteasFiléamónEabhraighSéamas1 Peadar2 Peadar1 Eoin2 Eoin3 EoinIúdApacailipsis1 1 1 1 1234567891011121314151617181920212223242526272829303132333435363738394041421 1 1 : 1 123456789101112131415161718192021221 1 1 An Bíobla Naofa 1981 Iób 1 Sábháil Nótaí 1Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t-olc.2Rugadh seachtar mac agus triúr iníonacha dó.3Bhí seacht míle caora, trí mhíle camall, cúig céad cuingir damh, cúig céad asal baineann, agus líon tí raidhsiúil aige.4Bhí ghnáth lena chlann mhac dul agus fleá a bheith acu i dteach a chéile ar a n-uain; agus chuiridís teachtairí chun a ndeirfiúracha le cuireadh dóibh chun bia agus deoch a chaitheamh leo.5Nuair a bhíodh an cúrsa fleá thart chuireadh Iób fios orthu teacht agus iad féin a íonghlanadh; d' éiríodh sé go moch ar maidin agus d' ofráladh sé íobairtí uileloiscthe thar cheann gach duine díobh go léir. Óir deireadh Iób: «Cá bhfios nár pheacaigh mo chlann mhac agus nár thug siad masla do Dhia ina gcroí?» Mar sin a rinne Iób i gcónaí.6Tharla aon lá amháin, gur tháinig clann Dé i láthair an Tiarna, agus tháinig an Sátan mar an gcéanna ina measc.7Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: «Cá has a dtáinig tú?» D' fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: «Ó bheith ag fuaidreamh ar fud an domhain, agus ag siúl anonn is anall ann.»8Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: «Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é, tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t-olc.»9Agus d' fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: «An gan fáth atá eagla Dé ar Iób?10Nach ndearna tú féin fál ina thimpeall agus i dtimpeall a thí agus i dtimpeall a bhfuil aige ar gach taobh? Bheannaigh tú saothar a lámh agus mhéadaigh a mhaoin sa tír.11Sín amach do lámh, más ea, agus leag í ar a bhfuil aige, agus is deimhin go ndéanfaidh sé thú a mhaslú le do bhéal.»12Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: «Féach, an uile ní dá bhfuil aige, tá sé faoi do smacht; ach air féin amháin ná leag do lámh.» Agus leis sin chuaigh an Sátan amach as láthair an Tiarna.13Lá dá raibh a chlann mhac agus iníonacha ag ól fíona i dteach an dearthár ba shine acu,14tháinig teachtaire ag triall ar Iób, agus dúirt leis: «Bhí an damhra ag treabhadh agus na hasail bhaineanna ag iníor ina ngaire15agus rinne na Saibéanaigh ruathar orthu gur sciobadar leo iad, agus mharaíodar na seirbhísigh le faobhar claímh; agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.»16Le linn dósan a bheith ag caint, tháinig duine eile agus dúirt: «Thit tine le Dia ó neamh agus dhóigh an tréad agus na seirbhísigh, á loscadh go hiomlán; agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.»17Agus le linn dósan a bheith ag caint, tháinig duine eile agus dúirt: «Rinne na Caildéigh trí bhuíon díobh féin agus thugadar ruaig chreiche faoi na camaill gur sciobadar leo iad, agus chloíodar na seirbhísigh le faobhar a gclaímh, agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.»18Agus fad a bhí seisean fós ag caint tháinig duine eile mar an gcéanna a dúirt: «Bhí do chlann mhac agus iníon ag ithe agus ag ól i dteach an dearthár ba shine acu,19agus féach! tháinig gaoth mhór anall thar an bhfásach agus bhuail ceithre chúinne an tí i dtreo gur thit sé anuas ar na daoine óga gur éagadar uile, agus nár tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.»20D' éirigh Iób ansin agus stróic a fhallaing agus bhearr a bhaithis, agus thit ar an talamh agus d' umhlaigh sé é féin síos21á rá: «Tarrnocht a tháinig mé as broinn mo mháthar, Agus tarrnocht a fhillfidh mé inti arís. An Tiarna a bhronn orm, agus an Tiarna a rug uaim. Moladh le hainm an Tiarna.»22Sna nithe sin uile níor pheacaigh Iób ná níor labhair go tarcaisneach in aghaidh Dé.Irish Bible 1981 An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission An Bíobla Naofa 1981 Iób 1 00:00:00 00:00:00 0.5x 2.0x https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/job/001.mp3 42 1