× Teanga An Eoraip Rúisis Bealarúisis Úcráinis Polainnis Seirbis Bulgáiris Slóvaice Seiceach Rómáinis Moldóvach An Asarbaiseáin Airméinis Seoirseach Albáinis Avar Bashkir Tatairis Seisniach Slóivéinis Cróitis Eastóinis Laitvis Liotuáinis Ungáiris Fionlainnis Ioruais Sualainnis Íoslainnis Gréigis Macadóinis Gearmáinis Bhaváir Ollainnis Danmhairgis Breatnais Gàidhlig Gaeilge Fraincis Bascais Catalóinis Iodáilis Galacian Romani Bosnian Meiriceá Thuaidh Béarla Meiriceá Theas Spainnis Portaingéilis Guaráinis Quechuan Aymara Meiriceá Láir Iamáice Nahuatl Kiche Qeqchi Haitian Oirthear na hÁise Sínis Seapánach Cóiréis Mongóilis Uyghur Hmong Áise Thoir Theas Malaeisia Burmais Smig Neipealais Cebuano Tagálaigis Cambóidis Téalainnis Indinéisis Vítneaimis Iávais Lao Iban IuMien Kachin Lahu Aceh Balinese Bugis Pampanga Sasak Shan Waray An Áise Theas Hiondúis Оdia Awadhi Mizo Cannadais Mailéalaimis Marathi Gúisearáitis Tamailis Teileagúis Puinseáibis Kurukh Asaimis Maithili Beangáilis Urdais Siolóinis Dogri Haryanvi Meitei Konkani Santali Sindhi Koya Thado Sanskrit Devanagari Adilabad Gondi Ahirani Balochi Bundeli Chhattisgarhi Garhwali Kangri Kumaoni Mewari Munda Sadri Seraiki Shekhawati Sylheti Lár na hÁise Cirgisis Úisbéicis Táidsícis Tuircméinis An Chasacstáin Karakalpak An Mean Oirthear Tuircis Eabhrais Araibis Peirsis Coirdis Paistis Coptach An Afraic Afracáinis Xhosa Súlúis Ndebele Sotho Amarais Wolaytta An Nigéir Mossi Ika Dinka Kabyle Caora Svahaílis Maracó Somáilis Shona Madagascar Igbo Lingala Baoule Siswati Tsonga Tswana Gambian Yoruba Kamba Ciniarwanda Hausa Chewa Luo Makua Dyula Fulfulde Kalenjin Kikuyu Kikwango Kirundi Krio Nigerian Pidgin Oroma Tshiluba Tshivenda Twi Umbundu Lugbara Luguru Pular Gussi Maasai Turkana Moba Nuer Shilluk Tamasheq Makonde Bemba Fon Hadiyya Ibibio Kimbundu Kimiiru Lango Liberian Kreyol Lomwe Mende Morisyen Ndau Nyankole Sena Sidamo Soga Songe Sukuma Tarifit Teso Tiv Zande Dagbani Mór-roinn na hAstráile An Nua-Shéalainn Nua-Ghuine Phapua Sean-Theangacha Aramaic Laidin Esperanto 1 1 1 An Bíobla Naofa 1981 An Sagart 2012Ó Cuinn 1970De Siúnta 1951An Bíobla Naofa 1981Bedell 18171 1 1 Salm GeineasasEaxodusLéivíticUimhreachaDeotranaimíIósuaBreithiúnaRút1 Samúéil2 Samúéil1 Ríthe2 Ríthe1 Croinicí2 CroinicíEazráNihimiáEistirIóbSalmSeanfhocalCóheilitLaoi na LaoitheÍseáiaIrimiaLeabhar na n-OlagónEizicéilDainéilHóiséIóéilAmósObaidiáIónaMíocáNahúmHabacúcZafainiáHagZacairiaMalaicí--- --- ---MathaMarcasLúcásEoinGníomharthaRómhánaigh1 Corantaigh2 CorantaighGalataighEifisighFilipighColosaigh1 Teasalónaigh2 Teasalónaigh1 Tiomóid2 TiomóidTíteasFiléamónEabhraighSéamas1 Peadar2 Peadar1 Eoin2 Eoin3 EoinIúdApacailipsis1 1 1 106 1234567891011121314151617181920212223242526272829303132333435363738394041424344454647484950515253545556575859606162636465666768697071727374757677787980818283848586878889909192939495969798991001011021031041051061071081091101111121131141151161171181191201211221231241251261271281291301311321331341351361371381391401411421431441451461471481491501 1 1 : 1 1234567891011121314151617181920212223242526272829303132333435363738394041424344454647481 1 1 An Bíobla Naofa 1981 Salm 106 Sábháil Nótaí 1Alleluia. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é; toisc go maireann a bhuanghrá go brách. Salm 1052Cé ar féidir leis éachtaí an Tiarna a fhógairt? cé a chraolfaidh a mholtaí go léir?3Is méanar don dream a choinníonn an ceart, agus a chloíonn leis an bhfíréantacht de shíor.4Bí ag cuimhneamh orm, a Thiarna, bí go maith dom, as ucht do ghrá do do phobal. Tar chugam, a Thiarna, le do chúnamh;5go bhfeice mé séan na ndaoine atá tofa agat, go ndéana mé gairdeas faoi áthas do phobail; is go ndéana mé mórtas mar aon le d' oidhreacht.6Pheacaíomar ar nós ar sinsir; rinneamar an t-olc agus an t-éigeart.7Níor thug ár n-aithreacha san Éigipt aon aird ar bith ar d' éachtaí. Rinne siad dearmad ar lánmhaire do bhuanghrá; thugadar a slán faoin Neach is Airde ag an Muir Rua.8Ach tharrthaigh sé iad as ucht a ainm, d' fhonn is go ndéanfadh sé a chumhacht a nochtadh.9Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí; agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad.10Shaor sé ó láimh lucht a bhfuatha iad; agus scaoil sé iad as greim a naimhde.11D' fholaigh an tuile a gcéilí comhraic; níor fágadh oiread is aon fhear amháin acu.12Ansin is ea a chreid siad a bhriathra; gur ghabh siad ag canadh a mholtaí.13Ach ba ghearr go ndearna siad dearmad ar a éachtaí; agus níorbh áil leo fanacht lena chomhairle.14Ligeadar srian lena mianta san fhásach; chuireadar cathú ar Dhia san uaigneas.15Lig sé a n-achainí leo; ach chuir sé seirg-ghalar ar a n-anam.16Bhí éad orthu le Maois ina mbothanna, agus le hÁrón, neach naofa an Tiarna.17D' oscail an talamh agus shlog sé Dátán, agus d' fholaigh sé Aibíorám is a mhuintir.18Fadaíodh tine i measc a mbuíne; agus loisc na lasracha na meirligh.19Dhealbhaigh siad lao ag Horaeb; rinne siad íol d' ór leáite a adhradh.20Rinne siad Dia na glóire a mhalartú ar íomhá tairbh a mhaireann ar fhéar.21Rinne siad dearmad ar Dhia a shlánaigh iad, agus a rinne éachtaí móra dóibh san Éigipt,22a rinne na hiontais dóibh i dtír Hám, agus nithe uamhnacha le hais na Mara Rua.23Agus dúirt sé go scriosfadh sé iad dá bhrí sin, murach Maois, an té a roghnaigh sé a dhul roimhe sa bhearna d' fhonn a fhearg a mhaolú sula ndéanfadh sé a milleadh.24Ba tháir leo dá éis sin tír an aoibhnis; níor mhuinín leo, ach oiread, a bhriathar.25Ach bhídís ag cásamh ina mbothanna, agus ní éistfidís le glór an Tiarna.26D' ardaigh sé a lámh agus mhionnaigh dóibh go leagfadh sé ar lár iad san fhásach,27go scaipfeadh sé a síol i measc na náisiún a scaoileadh ar fud na cruinne.28D' umhlaigh siad ansin do Bhál Peór, agus d' ith siad íobairtí na marbh.29Spreag siad é chun feirge lena ngníomhartha, agus buaileadh iad ansin leis an bplá.30D' éirigh Píneachás gur imir sé breithiúnas, gurb amhlaidh a cuireadh cosc leis an bplá.31Measadh sin mar fhíréantacht dó dá bharr go dtí an uile ghlúin go brách na breithe.32Chuir siad fearg air ag uiscí Mhiríbeá; agus smachtaigh sé Maois dá dheasca.33Óir chuir siad a chroí chun seirbhe, ionas gur labhair sé briathra míchríonna.34Ní dhearna siad na náisiúin a dhíothú de réir mar a d' ordaigh an Tiarna dóibh.35Ach is amhlaidh a rinne siad caidreamh leis na ciníocha, go ndearna siad a ngníomharthasan a fhoghlaim.36Thug siad fónamh d' íola na náisiún, gurb uime sin a cuireadh ó rath iad.37Óir d' íobair siad a macra féin, agus a n-iníonacha féin do na deamhain.38Dhoirt siad fuil na neamhurchóideach, fuil a mac is a n-iníonacha, a d' íobair siad do íola Chanán gur truaillíodh an tír le fuil.39Trochlaíodh iad lena n-oibreacha féin; agus ghabh siad le striapachas ina ngníomhartha.40Bhladhm fraoch Dé in aghaidh a phobail; ghlac sé déistin lena oidhreacht féin.41Thug sé faoi smacht na náisiún iad, agus chuir lucht a bhfuatha faoi chois iad.42Rinne a naimhde cos ar bolg orthu, agus fágadh faoi smacht a lámh iad.43Tharrthaigh sé arís agus arís eile iad, ach spreag siad chun feirge é lena scéimeanna, agus leag a n-urchóid féin ar lár iad.44Dá ainneoin sin chuir sé spéis ina mbuaireamh, nuair a chuala sé a nglao.45Ar a son siúd chuimhnigh sé ar a chonradh. Ghlac sé trua dóibh as ucht a lánmhaire a bhuanghrá,46agus fuair sé trócaire dóibh ó na dreamanna go léir a rinne braighdeanaigh díobh.47Tarrthaigh sinn, a Thiarna, ár nDia; bailigh le chéile sinn as measc na náisiún go dtugaimis buíochas do d' ainm naofa, is go ndéanaimis do mholadh a chanadh.48Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, ó aois go haois go brách. Agus go gcana na daoine go léir: Amen! Amen! Alleluia!Irish Bible 1981 An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission An Bíobla Naofa 1981 Salm 106 00:00:00 00:00:00 0.5x 2.0x https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/106.mp3 150 106