× Teanga An Eoraip Rúisis Bealarúisis Úcráinis Polainnis Seirbis Bulgáiris Slóvaice Seiceach Rómáinis Moldóvach An Asarbaiseáin Airméinis Seoirseach Albáinis Avar Bashkir Tatairis Seisniach Slóivéinis Cróitis Eastóinis Laitvis Liotuáinis Ungáiris Fionlainnis Ioruais Sualainnis Íoslainnis Gréigis Macadóinis Gearmáinis Bhaváir Ollainnis Danmhairgis Breatnais Gàidhlig Gaeilge Fraincis Bascais Catalóinis Iodáilis Galacian Romani Bosnian Meiriceá Thuaidh Béarla Meiriceá Theas Spainnis Portaingéilis Guaráinis Quechuan Aymara Meiriceá Láir Iamáice Nahuatl Kiche Qeqchi Haitian Oirthear na hÁise Sínis Seapánach Cóiréis Mongóilis Uyghur Hmong Áise Thoir Theas Malaeisia Burmais Smig Neipealais Cebuano Tagálaigis Cambóidis Téalainnis Indinéisis Vítneaimis Iávais Lao Iban IuMien Kachin Lahu Aceh Balinese Bugis Pampanga Sasak Shan Waray An Áise Theas Hiondúis Оdia Awadhi Mizo Cannadais Mailéalaimis Marathi Gúisearáitis Tamailis Teileagúis Puinseáibis Kurukh Asaimis Maithili Beangáilis Urdais Siolóinis Dogri Haryanvi Meitei Konkani Santali Sindhi Koya Thado Sanskrit Devanagari Adilabad Gondi Ahirani Balochi Bundeli Chhattisgarhi Garhwali Kangri Kumaoni Mewari Munda Sadri Seraiki Shekhawati Sylheti Lár na hÁise Cirgisis Úisbéicis Táidsícis Tuircméinis An Chasacstáin Karakalpak An Mean Oirthear Tuircis Eabhrais Araibis Peirsis Coirdis Paistis Coptach An Afraic Afracáinis Xhosa Súlúis Ndebele Sotho Amarais Wolaytta An Nigéir Mossi Ika Dinka Kabyle Caora Svahaílis Maracó Somáilis Shona Madagascar Igbo Lingala Baoule Siswati Tsonga Tswana Gambian Yoruba Kamba Ciniarwanda Hausa Chewa Luo Makua Dyula Fulfulde Kalenjin Kikuyu Kikwango Kirundi Krio Nigerian Pidgin Oroma Tshiluba Tshivenda Twi Umbundu Lugbara Luguru Pular Gussi Maasai Turkana Moba Nuer Shilluk Tamasheq Makonde Bemba Fon Hadiyya Ibibio Kimbundu Kimiiru Lango Liberian Kreyol Lomwe Mende Morisyen Ndau Nyankole Sena Sidamo Soga Songe Sukuma Tarifit Teso Tiv Zande Mór-roinn na hAstráile An Nua-Shéalainn Nua-Ghuine Phapua Sean-Theangacha Aramaic Laidin Esperanto 1 1 1 An Bíobla Naofa 1981 An Sagart 2012Ó Cuinn 1970De Siúnta 1951An Bíobla Naofa 1981Bedell 18171 1 1 2 Peadar GeineasasEaxodusLéivíticUimhreachaDeotranaimíIósuaBreithiúnaRút1 Samúéil2 Samúéil1 Ríthe2 Ríthe1 Croinicí2 CroinicíEazráNihimiáEistirIóbSalmSeanfhocalCóheilitLaoi na LaoitheÍseáiaIrimiaLeabhar na n-OlagónEizicéilDainéilHóiséIóéilAmósObaidiáIónaMíocáNahúmHabacúcZafainiáHagZacairiaMalaicí--- --- ---MathaMarcasLúcásEoinGníomharthaRómhánaigh1 Corantaigh2 CorantaighGalataighEifisighFilipighColosaigh1 Teasalónaigh2 Teasalónaigh1 Tiomóid2 TiomóidTíteasFiléamónEabhraighSéamas1 Peadar2 Peadar1 Eoin2 Eoin3 EoinIúdApacailipsis1 1 1 1 1231 1 1 : 1 1234567891011121314151617181920211 1 1 An Bíobla Naofa 1981 2 Peadar 1 Sábháil Nótaí 1Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal le hÍosa Críost, do chách a fuair creideamh ar chomhchéim linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora, Íosa Críost.2Go méadaítear grásta agus síocháin chugaibh in bhur n-aithne ar Dhia agus ar Íosa ár dTiarna.3Dháil a chumhacht dhiaga orainn gach a mbaineann leis an mbeatha agus leis an gcráifeacht de bharr aithne a chur airsean a ghlaoigh orainn chun a ghlóire agus a mhórgachta;4dá bhrí sin, thug sé a ghealltanais luachmhara rómhóra dúinn lenarbh fhéidir daoibh an truaillitheacht atá sa saol de bharr na n-ainmhianta a sheachaint agus a bheith páirteach sa nádúr diaga.5Uime sin déanaigí bhur lándícheall an tsuáilce a chur mar bhreis le bhur gcreideamh, agus an eagna le bhur suáilce,6agus an smacht leis an eagna, agus an fhoighne leis an smacht agus an chráifeacht leis an bhfoighne,7agus grá bráthar leis an gcráifeacht agus an charthanacht leis an ngrá bráthar.8Má tá na nithe seo agaibh agus agaibh go flúirseach, ní fhágfaidh siad gan éifeacht gan toradh sibh de bharr bhur n-aithne ar ár dTiarna Íosa Críost.9An té a bhfuil na nithe sin de dhíth air, tá sé dallta caoch agus dearmad déanta aige air gur glanadh é óna sheanpheacaí.10Dá bhrí sin, a bhráithre, bígí níos dícheallaí fós ag daingniú bhur ngairme agus na rogha a rinneadh díbh; má dhéanann sibh amhlaidh ní baol go dtitfidh sibh choíche.11Ar an tslí sin déanfar bealach isteach i ríocht shíoraí ár dTiarna, agus ár Slánaitheora, a sholáthar go fial flaithiúil daoibh.12Tá sé ar intinn agam, dá bhrí sin, a bheith ag cur na nithe seo de shíor i gcuimhne daoibh, cé go bhfuil sibh eolach orthu agus go bhfuil sibh daingnithe san fhírinne atá agaibh.13Is dóigh liom gur chóir dom, fad táim i mboth seo an choirp, a bheith do bhur múscailt le rabhadh,14mar go bhfuil a fhios agam nach fada uaim go gcuirfidh mé díom an bhoth seo faoi mar a nocht ár dTiarna Íosa Críost dom.15Agus féachfaidh mé chuige go mbeidh ar bhur gcumas, tar éis domsa imeacht, na nithe seo a thabhairt chun cuimhne uair ar bith.16Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn.17Fuair sé glóir agus onóir ó Dhia an tAthair nuair a seoladh a leithéid seo de ghuth anuas chuige ón Ghlóir Mhaorga: «Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.»18Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis mar bhíomar in éineacht leis ar an sliabh naofa.19Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n-éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí.20Tuigigí an méid seo ar dtús nach dtagann aon fháistine den scrioptúr faoi chiallú an duine aonair.21Óir ní ó ghníomh tola daonna a tugadh aon fháistine riamh, ach gur labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh.Irish Bible 1981 An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission An Bíobla Naofa 1981 2 Peadar 1 00:00:00 00:00:00 0.5x 2.0x https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/2peter/001.mp3 3 1