× Teanga An Eoraip Rúisis Bealarúisis Úcráinis Polainnis Seirbis Bulgáiris Slóvaice Seiceach Rómáinis Moldóvach An Asarbaiseáin Airméinis Seoirseach Albáinis Avar Bashkir Tatairis Seisniach Slóivéinis Cróitis Eastóinis Laitvis Liotuáinis Ungáiris Fionlainnis Ioruais Sualainnis Íoslainnis Gréigis Macadóinis Gearmáinis Bhaváir Ollainnis Danmhairgis Breatnais Gàidhlig Gaeilge Fraincis Bascais Catalóinis Iodáilis Galacian Romani Bosnian Meiriceá Thuaidh Béarla Meiriceá Theas Spainnis Portaingéilis Guaráinis Quechuan Aymara Meiriceá Láir Iamáice Nahuatl Kiche Qeqchi Haitian Oirthear na hÁise Sínis Seapánach Cóiréis Mongóilis Uyghur Hmong Áise Thoir Theas Malaeisia Burmais Smig Neipealais Cebuano Tagálaigis Cambóidis Téalainnis Indinéisis Vítneaimis Iávais Lao Iban IuMien Kachin Lahu Aceh Balinese Bugis Pampanga Sasak Shan Waray An Áise Theas Hiondúis Оdia Awadhi Mizo Cannadais Mailéalaimis Marathi Gúisearáitis Tamailis Teileagúis Puinseáibis Kurukh Asaimis Maithili Beangáilis Urdais Siolóinis Dogri Haryanvi Meitei Konkani Santali Sindhi Koya Thado Sanskrit Devanagari Adilabad Gondi Ahirani Balochi Bundeli Chhattisgarhi Garhwali Kangri Kumaoni Mewari Munda Sadri Seraiki Shekhawati Sylheti Lár na hÁise Cirgisis Úisbéicis Táidsícis Tuircméinis An Chasacstáin Karakalpak An Mean Oirthear Tuircis Eabhrais Araibis Peirsis Coirdis Paistis Coptach An Afraic Afracáinis Xhosa Súlúis Ndebele Sotho Amarais Wolaytta An Nigéir Mossi Ika Dinka Kabyle Caora Svahaílis Maracó Somáilis Shona Madagascar Igbo Lingala Baoule Siswati Tsonga Tswana Gambian Yoruba Kamba Ciniarwanda Hausa Chewa Luo Makua Dyula Fulfulde Kalenjin Kikuyu Kikwango Kirundi Krio Nigerian Pidgin Oroma Tshiluba Tshivenda Twi Umbundu Lugbara Luguru Pular Gussi Maasai Turkana Moba Nuer Shilluk Tamasheq Makonde Bemba Fon Hadiyya Ibibio Kimbundu Kimiiru Lango Liberian Kreyol Lomwe Mende Morisyen Ndau Nyankole Sena Sidamo Soga Songe Sukuma Tarifit Teso Tiv Zande Dagbani Mór-roinn na hAstráile An Nua-Shéalainn Nua-Ghuine Phapua Sean-Theangacha Aramaic Laidin Esperanto 1 1 1 An Bíobla Naofa 1981 An Sagart 2012Ó Cuinn 1970De Siúnta 1951An Bíobla Naofa 1981Bedell 18171 1 1 Iúd GeineasasEaxodusLéivíticUimhreachaDeotranaimíIósuaBreithiúnaRút1 Samúéil2 Samúéil1 Ríthe2 Ríthe1 Croinicí2 CroinicíEazráNihimiáEistirIóbSalmSeanfhocalCóheilitLaoi na LaoitheÍseáiaIrimiaLeabhar na n-OlagónEizicéilDainéilHóiséIóéilAmósObaidiáIónaMíocáNahúmHabacúcZafainiáHagZacairiaMalaicí--- --- ---MathaMarcasLúcásEoinGníomharthaRómhánaigh1 Corantaigh2 CorantaighGalataighEifisighFilipighColosaigh1 Teasalónaigh2 Teasalónaigh1 Tiomóid2 TiomóidTíteasFiléamónEabhraighSéamas1 Peadar2 Peadar1 Eoin2 Eoin3 EoinIúdApacailipsis1 1 1 1 11 1 1 : 1 123456789101112131415161718192021222324251 1 1 Iúd 1 Sábháil Nótaí 1Iúd, seirbhíseach lenár dTiarna Íosa Críost, agus deartháir Shéamais, chucu siúd atá glaoite, a bhfuil grá dóibh i nDia an tAthair, agus atá á gcaomhnú d' Íosa Críost.2Go méadaí trócaire, síocháin agus grá chugaibh.3A chairde cléibh, bhí an-fhonn orm scríobh chugaibh faoin slánú ina bhfuilimid páirteach; agus b' éigean dom scríobh chugaibh á impí oraibh troid go dian ar son an chreidimh a seachadadh aon uair amháin do na naoimh.4Tá bheith istigh faighte ag daoine áirithe, dream a marcáladh le fada roimh ré don bhreithiúnas seo, éagráifigh a dhéanann grásta ár nDé a chlaochlú ina dhrabhlás, agus a shéanann ár n-aon mháistir agus Tiarna, Íosa Críost.5Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh, cé gurb eol daoibh gach ní cheana don aon uair amháin ar fad, gur fhuascail an Tiarna pobal ón Éigipt ach gur scrios sé ina dhiaidh sin an mhuintir nár chreid.6Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d' fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir.7Ba é an dála céanna é ag Sodom agus Gomorá, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siadsan freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt pionós na tine síoraí.8Déanann an dream seo, ámh, ar an tslí chéanna lena mbrionglóidí an cholainn a thruailliú, an t-údarás a shéanadh, agus aingil na glóire a mhaslú.9Ach nuair a bhí Mícheál Ardaingeal ag achrann leis an diabhal agus ag aighneas leis faoi chorp Mhaois, níor leomhaigh sé breith aithiseach a thabhairt air siúd, ach dúirt: «Go smachtaí an Tiarna thú.»10Ach an dream seo, maslaíonn siad an méid nach dtuigeann siad, agus na nithe is eol dóibh ó dhúchas dála na n-ainmhithe éigiallta, is tríothu atáthar á scriosadh.11Is mairg dóibh! óir d' imigh siad leo ar bhealach Cháin, agus thug siad iad féin suas do sheachrán Bhalám ar son brabúis, agus tá siad millte i gceannairc Chorae.12Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;13tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbearta táire féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil ifreann duairc i ndán dóibh go brách.14Is fúthu seo a rinne Eineoc sa seachtú glúin ó Ádhamh fáistine á rá: «Féach, tháinig an Tiarna lena mhílte míle naomh,15le breith a thabhairt ar chách agus na héagráifigh go léir a dhaoradh sna hoibreacha éagráifeacha go léir a rinne siad le barr éagráifeachta, agus sna nithe borba go léir a dúirt na peacaigh choirpeacha ina aghaidh.16Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n-ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.»17Ach sibhse, a chairde cléibh, cuimhnígí ar na tairngreachtaí a rinne aspail ár dTiarna Íosa Críost;18mar dúirt siadsan libh: «Ag críoch na ré, beidh scigirí ann a dhéanfaidh de réir a n-ainmhianta coirpeachta féin.»19Is iad sin a dhéanann deighilt, dream saoltach, gan an Spiorad acu.20Ach sibhse, a chairde cléibh, déanaigí sibh féin a thógáil suas ar bhonn sárnaofa bhur gcreidimh; guígí sa Spiorad Naomh,21agus cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé agus súil agaibh le trócaire ár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí.22Déanaigí áiteamh ar chuid acu, an mhuintir atá in amhras;23déanaigí a thuilleadh a sciobadh as an tine agus a shaoradh, agus déanaigí trócaire ar a thuilleadh fós ach eagla oraibh agus fuath agaibh fiú don léine a thruailligh an cholainn.24An té sin ar féidir leis sibh a choimeád gan titim i bpeaca, agus sibh a chur gan smál i láthair a ghlóire faoi lúcháir,25an t-aon Dia is slánaitheoir againn trí Íosa Críost ár dTiarna, dósan go raibh glóir agus mórgacht agus ceannas, agus cumhacht roimh gach aois agus anois agus le saol na saol. Amen.Irish Bible 1981 An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission An Bíobla Naofa 1981 Iúd 1 00:00:00 00:00:00 0.5x 2.0x https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/jude/001.mp3 1 1