23. Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t-údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé a thug an t-údarás sin duit?”
24. Dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Agus tá aon cheist amháin agam-sa le cur oraibhse, agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mé daoibh ansin cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.
25. Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?” Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: “Má deirimid: ‘Ó Neamh,’ déarfaidh sé linn: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?’
26. Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ tá eagla orainn roimh na daoine, mar tá meas fáidh acu uile ar Eoin.”
27. Agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Dúirt seisean leo mar an gcéanna: “Nílimse chun a insint daoibh-se ach a oiread cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”
28. “Ach bhur mbarúil air seo: Bhí beirt mhac ag duine. Dʼagaill sé duine acu ar dtús: ‘A mhic,’ ar seisean, ‘téigh-se inniu ag obair sa bhfíonghort.’
29. Dʼfhreagair sé é: ‘Tá go maith, a dhuine uasail,’ ar seisean; ach ní dheachaigh.
30. Dʼagaill sé an dara duine ar an gcuma chéanna, agus ba é a fhreagra seo: ‘Ní dhéanfaidh mé,’ ar seisean; ach ina dhiaidh sin tháinig aiféala air agus chuaigh.
31. Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?” “An dara duine,” ar siad. Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i Ríocht Dé.
32. Óir tháinig Eoin chugaibh ar shlí na fíréantachta agus níor chreid sibh ann; na poibleacánaigh, áfach, agus na striapacha, chreid siad ann; agus cé go bhfaca sibh-se é sin, níor bhuail an t-aiféala mall féin sibh chun go gcreidfeadh sibh ann.”
33. “Éistigí le parabal eile: Bhí an fear tí seo ann a rinne fíon-ghort a phlandáil, fál a chur ina thimpeall, cantaoir a thochailt ann, agus túr a thógáil; chuir ar cíos ansin chun curadóirí é agus chuaigh ar an gcoigríoch.
34. Nuair a bhí séasúr na dtorthaí ann, chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun toradh an fhíonghoirt a fháil.
35. Ach rug na curadóirí ar na seirbhísigh, thug siad bualadh do dhuine acu, mharaigh duine eile, chloch duine eile.
36. Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh ba líonmhaire ná iad siúd, ach ba é an cor céanna a thug siad dóibh sin.
37. Sa deireadh, chuir sé chucu a mhac, mar dúirt sé leis féin: ‘Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.’
38. Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t-oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’
39. agus rug siad air, thiomáin siad amach as an bhfíon-ghort é agus mharaigh é.
40. Dá bhrí sin, nuair a thiocfaidh máistir an fhíonghoirt, cad a dhéanfaidh sé leis na curadóirí úd?”
41. Dúirt siad leis: “Tabharfaidh sé droch-íde do na daoine mallaithe sin agus cuirfidh an fíon-ghort ar cíos chun curadóirí eile a thabharfaidh na torthaí dó ina séasúr féin.”
42. Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é’?
43. “Sin an fáth a ndeirim libh go mbainfear Ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar do phobal í a thabharfaidh uathu a toradh.
44. Aon duine a thitfidh ar an gcloch úd, áfach, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.”
45. Uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh, nuair a chuala siad a chuid parabal, bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé,
46. agus cé gurbh fhonn leo é a ghabháil, bhí eagla orthu roimh na sluaite, mar bhí meas fáidh acu sin air.
Irish Bible 2012
An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission