1. Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;
2. chun bliain logha a fhógairt thar ceann an Tiarna, agus lá díoltais dár nDia; chun sólás a thabhairt do lucht an dobróin
3. agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.
4. Tógfaidh siad suas arís na fothracha ársa, beidh siad ag foirgniú ar bhallóga an tseanama; deiseoidh siad na cathracha creachta agus na ballóga atá uaigneach leis na cianta.
5. Beidh eachtrannaigh ag buachailleacht bhur dtréada daoibh, agus coimhthígh ag saothrú bhur dtalaimh agus bhur bhfíniúna.
6. Ach goirfear daoibhse sagairt an Tiarna agus tabharfar oraibh lucht freastail ár nDé. Beidh saibhreas na gciníocha agaibh le caitheamh agus a maoin ar fad faoi réir agaibh.
7. Ó tharla go bhfuair mo mhuintir a dhá oiread náire agus gur masla agus magadh a tháinig ar a gcrann, gheobhaidh siad a dhá oiread rathúnais ina dtír féin agus lúcháir shíoraí atá i ndán dóibh.
8. Óir mise, an Tiarna, is ionúin liom an ceart agus is gráin liom slad agus éagóir. Tabharfaidh mé a luach saothair dóibh go dílis, agus déanfaidh mé conradh síoraí leo.
9. Beidh cáil ar a sliocht os comhair na gciníocha agus ar shliocht a sleachta i measc na náisiún. Admhóidh gach aon dá bhfeiceann iad gur cine iad atá beannaithe ag an Tiarna.
10. «Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m' anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.
11. Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair, ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur, is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamhar fíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.»
1. Ar mhaithe le Síón ní fhanfaidh mé i mo thost, agus mar gheall ar Iarúsailéim ní mian liom bheith socair, nó go dté a fíréantacht amach mar an maidneachan agus a slánú mar bheadh lóchrann ag lonrú.
2. Is ann a fheicfidh na ciníocha d' fhíréantacht agus na ríthe uile do ghlóir; agus tabharfar ainm nua ort, ainm a fhógróidh béal an Tiarna féin.
3. Beidh tú i do choróin taibhseach i láimh an Tiarna, i do cheannbheart ríoga ar bhois do Dhé.
4. Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta, ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche. Ach is é ainm a bheidh ort féin «Bean mo rúin» agus «an Céile» a bheidh ar do dhúiche. Óir lig an Tiarna a rún leat agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.
5. Díreach mar a phósann ógfhear cailín, is é an Saor féin a phósfaidh thusa; agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta, beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.
6. Ar do mhúrtha, a Iarúsailéim, tá lucht faire i gceann poist agam nach dual tost dóibh de lá ná d' oíche; Sibhse a mheabhraíonn ár gcás don Tiarna,
7. níl sos i ndán daoibh agus ná tugaigí sos dósan nó go gcuire sé Iarúsailéim ar bun ina duan molta dó go deo ar talamh.
8. Tá an Tiarna tar éis a mhionn a thabhairt dar a dheasláimh agus dar neart a ghualann: «Ní baol feasta go dtabharfaidh mé do chruithneacht mar bhia do do naimhde. Eachtrannaigh ní ólfaidh níos mó do chuid fíona ar chaith tú do shaothar leis.
9. Ach an dream a rinne an t-arbhar a tharlú, íosfaidh siad féin é agus molfaidh siad an Tiarna. Is iad lucht cnuasaithe na gcaora fíona a bheidh ag ól i mo chúirteanna beannaithe.»
10. Amach libh, amach trí na geataí! Réitigí bealach do mo mhuintir! Tógaigí tóchar, tógaigí suas é; glanaigí na carraigeacha ar shiúl! Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha!
11. Seo é fógra an Tiarna go críocha na cruinne féin: «Abraigí le hiníon Shíón: Seo chugat d' fhuascailteoir. Tá a luach saothair leis ina sheilbh agus a chúiteamh á iompar roimhe amach.
12. Gairfear dóibh Pobal Naofa, Cion Fuascailte an Tiarna, agus duit féin a mbíonn síorthriall ort Cathair nach dtréigtear.»
9. Tá dóchas chlann Iosrael sa Tiarna; is é is cabhair agus is sciath dóibh.
10. Tá dóchas chlann Árón sa Tiarna is é is cabhair agus is sciath dóibh.
11. Cuireann lucht eagla an Tiarna a ndóchas ann; is é is cabhair agus is sciath dóibh.
12. Is cuimhin leis an Tiarna sinn; beannóidh sé sinn; beannóidh sé clann Iosrael agus clann Árón.
13. Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna, idir mhion agus mhór in éineacht.
24. An fear fuatha, bíonn aige beola mealltacha; agus an feall go domhain istigh.
25. Ná bíodh muinín agat as nuair a labhraíonn sé go lách, óir tá seacht ngráiniúlacht ina chliabhlach.
26. Fág go rachadh an fuath i bhfolach faoin gcalaois, déanfar a urchóid a nochtadh i láthair an tionóil.
1. A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí, sa Tiarna, mar is é an ceart é.
2. «Tabhair do d' athair agus do do mháthair onóir»; sin í an chéad aithne a bhfuil gealltanas ag dul léi:
3. «ionas go mbeadh an rath ort agus go mbeadh saol fada ar talamh agat.»
4. Agus sibhse, a aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chiapadh, ach iad a thógáil faoi oiliúint agus smacht an Tiarna.
5. A sheirbhíseacha, bígí umhal ómósach do bhur máistrí saolta le dílseacht chroí mar a bheadh sibh do Chríost féin,
6. agus gan bheith ag súilseirbhís ar nós lucht lútála ach sibh ag déanamh toil Dé ó chroí mar a dhéanfadh seirbhísigh Chríost.
7. Déanaigí bhur ndualgas le fonn amhail agus dá mba don Tiarna a bheadh sibh ag seirbhís agus nach do dhaoine,
8. agus a fhios agaibh, cibé ní fónta a dhéanann sibh, go bhfaighidh gach duine, saor nó daor, a chúiteamh ón Tiarna.
9. Agus sibhse, a mháistrí, déanaigíse mar an gcéanna dóibh; caithigí uaibh an bhagairt agus bíodh a fhios agaibh go bhfuil an Máistir céanna agaibhse agus acusan ar neamh agus gur cuma leis siúd duine seachas a chéile
10. Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta.
11. Cuirigí iomaibh cathéide Dé chun bheith in ann seasamh in aghaidh chealga an diabhail.
12. Mar ní le naimhde daonna atáimid i ngleic ach le tiarnais agus cumhachtaí agus rialtóirí domhain seo an dorchadais, le hainspridí na bhflaitheas.
13. Gabhaigí cathéide Dé chugaibh, dá bhrí sin, i dtreo nuair a thiocfaidh lá an oilc, go bhféadfaidh sibh an fód a sheasamh, agus go mbeidh sibh fós in bhur seasamh tar éis daoibh an cath a bhaint ar an iomlán.
14. Seasaigí go daingean, dá bhrí sin, agus an fhírinne fáiscthe faoi bhur gcoim agaibh mar chrios, an fhíréantacht mar lúireach ar bhur n-ucht
15. agus fonn leata dea-scéal na síochána mar bhróga ar bhur gcosa agaibh.
16. Gabhaigí chugaibh i gcónaí an creideamh mar sciath lena bhféadfaidh sibh gach diúracán dearg de chuid an namhad mhallaithe a mhúchadh.
17. Glacaigí an slánú mar chlogad agus briathar Dé mar chlaíomh ón Spiorad.
18. Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.
19. Agus guígí ormsa chomh maith, le hionchas, nuair a osclóidh mé mo bhéal, go dtabharfar dom labhairt go dána agus rún an dea-scéil a fhógairt
20. an dea-scéal a bhfuilimse i mo thoscaire air agus mé faoi ghlas féin; guígí go ndéanfaidh mé é a fhógairt chomh dána agus is cóir.
21. Tabharfaidh Tichiceas, mo chara ionúin agus mo chúntóir dílis in obair an Tiarna, faisnéis iomlán daoibh fúmsa ionas go mbeidh a fhios agaibh conas táim agus conas atá ag éirí liom.
22. Táim á sheoladh chugaibh d' aon ghnó chun fios mo chúrsaí a bheith agaibh agus chun sólás a chur ar bhur gcroí.
23. Go dtuga Dia an tAthair agus an Tiarna Íosa Críost síocháin agus grá mar aon le creideamh do na bráithre uile.
24. Go raibh grásta ar chách a bheir grá buanmharthanach dár dTiarna Íosa Críost.