1. «A mhic an duine, glac chugat claíomh géar, bíodh sé mar lann bearbóra agat agus scaoil thar do cheann agus do fhéasóg é; ansin glac scálaí tomhais agus roinn an ghruaig.
2. Dófaidh tú trian di le tine i lár na cathrach nuair a bheidh tréimhse an léigir istigh; glacfaidh tú trian agus buailfidh leis an gclaíomh é timpeall na cathrach; scaipfidh tú trian leis an ngaoith agus tarraingeoidh mise an claíomh amach ina ndiaidhsean.
3. Glacfaidh tú beagán ribí díobh seo ansin agus ceanglóidh tú i bhfilltí do róba iad.
4. Díobh seo arís glac beagán, teilg sa tine agus dóigh inti iad; as sin a thiocfaidh an tine amach. [Abair le] muintir Iosrael uile:
5. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Seo í Iarúsailéim; shuigh mé í i lár na gciníocha agus na dtíortha iasachta máguaird.
6. Chuir sí i gcoinne mo dheasghnátha, níos measa ná mar chuir na ciníocha; chuir sí i gcoinne mo reachtanna, níos measa ná mar chuir na tíortha máguaird; óir thug sí cúl le mo dheasghnátha agus níor shiúil de réir mo reachtanna.
7. Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go bhfuil sibh níos ceannaircí ná na ciníocha máguaird, nár shiúil sibh de réir mo reachtanna agus nár chomhlíon sibh mo dheasghnátha, ach gur bheartaigh sibh de réir deasghnátha na gciníocha máguaird;
8. uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise anuas oraibh agus daorfaidh mé sibh os comhair na gciníocha.
9. In éiric bhur n-imeachtaí gránna déanfaidh mé oraibh nithe nach ndearna mé riamh agus nach ndéanfaidh mé choíche arís.
10. Dá bhrí sin íosfaidh bhur n-aithreacha a mic in bhur measc agus bhur mic a n-aithreacha; cuirfidh mé breithiúnas i bhfeidhm oraibh agus scaipfidh mé an t-iarmhar i dtreo na n-uile ghaoth.
11. Uime sin, dar mo bheatha an Tiarna Dia a labhraíonn chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n-uile uafás agus bhur n-imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire.
12. Éagfaidh trian daoibh den phlá agus den ghorta istigh, titfidh trian leis an gclaíomh máguaird, agus scaipfidh mé trian leis na gaotha uile agus an claíomh ar tarraingt agam ina ndiaidhsean.
13. «Mar seo a scaoilfidh mé le mo fhearg agus a ídeoidh mo chuthach orthu. Agus nuair a bheidh mo chuthach ídithe orthu tuigfidh siad ansin gur mise, an Tiarna, a labhair le barr éada.
14. Chomh maith leis sin fágfaidh mé bánaithe sibh agus in bhur n-ábhar náire i measc na gciníocha máguaird agus os comhair cách a théann an bealach.
15. Beidh sibh in bhur n-ábhar náire agus dímheasa, beidh sibh in bhur bhfógra uafáis do na ciníocha máguaird, nuair a ghearrfaidh mé pionóis fhíochmhara oraibh le teann feirge agus cuthaigh. Mise, an Tiarna, a labhair.
16. Scaoilfidh mé in bhur gcoinne saigheada marfacha an ghorta, saigheada a scriosfaidh óir is d' aonturas chun sibh a scrios a scaoilfidh mé iad agus scriosfaidh mé bhur stór aráin.
17. Seolfaidh mé gorta agus ainmhithe allta in bhur gcoinne a chreachfaidh bhur sliocht oraibh; rachaidh plá agus fuil tríbh agus cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh. Mise, an Tiarna, a labhair.»
1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2. «A mhic an duine, iompaigh i dtreo shléibhte Iosrael agus tairngir ina gcoinne.
3. Abair: A shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna Dia! Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Féach, cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh agus scriosfaidh mé bhur n-áiteanna arda.
4. Bánófar bhur n-altóirí, brisfear bhur scrínte túise; teilgfidh mé síos bhur mairbh os comhair bhur n-íol.
5. Leagfaidh mé corpáin chlann Iosrael os comhair a n-íol agus scaipfidh mé bhur gcnámha thart timpeall bhur n-altóirí.
6. Cibé áit a mbeidh cónaí oraibh bánófar bhur gcathracha agus scriosfar bhur n-áiteanna arda ionas go mbeidh bhur n-altóirí bánta [millte], bhur n-íola briste scriosta, bhur scrínte túise réabtha agus bhur n-oibreacha curtha ar ceal.
7. Titfidh daoine marbh in bhur láthair agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
8. «Ach fágfaidh mé cuid agaibh beo; tiocfaidh siad slán ón gclaíomh agus scaipfidh mé i measc na gciníocha iad.
9. Ansin cuimhneoidh siadsan a d' éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n-íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n-uafáis go léir.
10. Tuigfidh siad mar sin gur mise an Tiarna; ní in aisce a dúirt mé go ndéanfainn an t-olc seo orthu.»
11. Seo mar a deir an Tiarna Dia: «Buail bosa, buail cosa ar an talamh agus abair: Mo léan, ar son imeachtaí gránna uile mhuintir Iosrael; óir titfidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá.
12. An duine atá i gcéin, éagfaidh sé den phlá; an duine atá sa chongar, titfidh sé leis an gclaíomh; agus an duine a thagann slán uathusan, éagfaidh sé leis an ngorta; mar sin a ídeoidh mé mo chuthach orthu.
13. Agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a luífidh a gcorpáin ansin i measc a n-íol timpeall a n-altóirí máguaird, ar gach cnoc ard, ar mhullach gach sléibhe, faoi gach crann glas, faoi gach dair dhuilleach, cibé áit ar íobair siad boladh cumhra dá n-íola uile.
14. Sínfidh mé mo lámh amach ina gcoinne, creachfaidh mé agus bánóidh mé an tír uile, aon áit a bhfuil cónaí orthu, ón bhfásach go Ribleá. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.»
169. Tau Go dtaga mo ghlór chugat, a Thiarna; tabhair tuiscint dom de réir do bhriathair.
170. Go dtaga mo ghuí i do láthair; fuascail mé de réir d' fhocail.
171. Go dtuga mo bhruasa moladh duit; nuair a mhúinfidh tú do reachtanna dom.
172. Go gcana mo theanga do bhriathar; óir is cóir iad d' aitheanta.
173. Go raibh do lámh i m' aice chun cuidiú liom; toisc gur thogh mé do theagasc.
174. Santaím do shlánú, a Thiarna; agus is aoibhinn liom do dhlí.
175. Go maire m' anam agus go mola sé thú; agus go gcabhraí do reachtanna liom.
176. Táim ar seachrán mar chaora fháin; bí do mo lorg; óir níor dhearmad mé riamh d' aitheanta.
14. Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí, ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air.
1. Ar an ábhar sin, a bhráithre naofa, atá pairteach i ngairm neamhaí, breathnaígí ar Íosa, aspal agus ardsagart ár gcreidimh.
2. Bhí sé dílis don Té a cheap é go díreach mar a bhí Maois dílis freisin i dteaghlach uile Dé.
3. Ach meastar gur mó is díol gradaim é Íosa ná Maois an oiread céanna agus is mó is díol gradaim é tógálaí an tí ná an teach féin;
4. níl aon teach ann, ar ndóigh, nár thóg duine éigin é ach is é Dia a rinne gach ní.
5. Cinnte, bhí Maois dílis i dteaghlach uile Dé, ach mar sheirbhíseach a bhí le fianaise a thabhairt ar na nithe a bhí le fógairt níos déanaí;
6. bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas (daingean go dtí an deireadh).
7. Dá bhrí sin, mar a deir an Spiorad Naomh: «Má chloiseann sibh a ghuth inniu,
8. ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc agus ar Lá úd na Féachála san fhásach
9. mar ar chuir bhur n-aithreacha féacháil agus triail orm cé go bhfaca siad mo ghníomhartha ar feadh daichead bliain.
10. Sin é an fáth ar tháinig fearg orm leis an nglúin sin agus go ndúirt mé: 'Tá croíthe guagacha ag na daoine seo i gcónaí; níor fhoghlaim siad mo bhealaí riamh.'
11. Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: 'Ní rachaidh siad isteach i m' áitreabh suaimhnis choíche.'»
12. Féachaigí chuige, a bhráithre, nach mbeidh drochchroí chomh díchreidmheach sin ag aon duine agaibh agus go dtréigfidh sé an Dia beo choíche.
13. Gach lá, fad a bhíonn «an lá inniu» seo ann, bígí ag gríosú a chéile ar eagla go ndéanfaí aon duine agaibh a chruachan le mealltacht an pheaca.
14. Mar ní bheimid i gcomhpháirt le Críost ach ar an gcoinníoll go gcoinnímid ár gcéadmhuinín daingean go dtí an deireadh.
15. Ós rud é go ndeirtear: «Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc,»
16. caithfear a fhiafraí cérbh iad na daoine a chuala é agus a rinne ceannairc ina aghaidh. Nárbh iad na daoine go léir iad a d' fhág an Éigipt faoi cheannas Mhaois?
17. Agus cérbh iad na daoine a raibh sé i bhfeirg leo ar feadh daichead bliain? Nárbh iad na daoine a rinne peaca agus a thit fuar marbh ina gcorpáin san fhásach?
18. Agus cérbh iad na daoine ar thug sé mionn dóibh nach rachaidís isteach ina áitreabh suaimhnis choíche ach na daoine a bhí easumhal dó.
19. 18b Feicimid, mar sin, gur de dheasca a [n-easumhlaíochta] nárbh fhéidir leo dul isteach ann.