1. Nuair a labhraíodh Eafráim, thagadh creathnú ar dhaoine: óir ba cheannasach in Iosrael é. Ach fuarthas ciontach é mar gheall ar Bhál agus tá sé ag fáil bháis.
2. Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh; déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin, íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid, ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe. «Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,» deir siad; agus pógtar laonna!
3. Dá dheasca sin beidh siad cosúil le néal maidine, nó leis an drúcht a imíonn as radharc go luath, nó leis an gcáith a shéidtear chun siúil ó urlár buailte, nó le púir dheataigh a shíobtar an fhuinneog amach.
4. Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte. Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé, ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé.
5. Is mise a rinne aoireacht ort san fhásach, i ndúiche an triomaigh mhóir.
6. Bheathaigh mé iad agus fuair siad a sáith, ach nuair a bhí siad sách, tháinig éirí in airde ar a gcroí, agus mar sin de rinne siad dearmad díomsa.
7. Chaith mé leo mar a dhéanfadh leon; amhail liopard bhí mé ag faire orthu le hais an bhóthair.
8. Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin, agus réab mé cochall a gcroí; rinne madraí craos orthu ansin, agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad.
9. Táim ar tí tú a scriosadh, a Iosrael! Cé a thiocfaidh i gcabhair ort?
10. Cá bhfuil do rí anois chun tú féin agus do chathracha uile a shábháil? Cá bhfuil do rialtóirí, iad siúd a ndúirt tú fúthu: «Tabhair dom rí agus flatha»?
11. Thug mé rí duit le teann feirge, ach le racht cuthaigh bainim uait é arís.
12. Tá urchóid Eafráim á coinneáil faoi chumhdach, agus tá a peaca curtha i dtaisce.
13. Tá tinneas clainne ag tosú di, ach is páiste díchéillí í; mar cé go bhfuil ionú a breithe ann, ní thagann sí go béal na broinne.
14. Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás. Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis? Cá bhfuil do chealg, a Sheól? Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.
15. Cé gur fhás sí suas go borb i measc a muintire, tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi, gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach; agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc. (Creachfaidh sí a chuid maoine agus a earraí luachmhara uile.)
1. Fill, a Iosrael, ar an Tiarna, do Dhia, óir baineadh tuisle asat de dheasca do chuid urchóide. 2
2. 3 Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh, agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis: Maith dúinn ár gcionta uile, le go bhfaighimid uait rud is fónta, i ndíol ar na briathra a chanaimid duit.
3. 4 Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: «A Dhia linn» do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).
4. 5 Leigheasfaidh mé a mídhílseacht, tabharfaidh mé grá dóibh go fonnmhar, mar ní díol feirge liom iad níos mó.
5. 6 Silfidh mé ar Iosrael mar an drúcht. Bláthóidh sí ar nós na lile, agus cuirfidh sí uaithi a fréamhacha mar a dhéanann an stóracs.
6. 7 Caithreoidh a géagáin; áilleacht na holóige agus cumhracht an stóraics a dháilfear uirthi.
7. 8 Lonnóidh siad faoi mo scáth arís; saothróidh siad arbhar, agus beidh fíniúna ag fás acu, a mbeidh cáil orthu mar atá ar fhíon na Liobáine.
8. 9 Cad ab áil le hEafráim d' íola feasta? Is mise a thugann éisteacht dó, agus a bheidh ag faire air. Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige; más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa.
9. Tuigeadh an t-eagnaí na briathra sin: bíodh grinneolas ag an saoi orthu. Óir is díreach iad bealaí an Tiarna agus gluaiseann na fíréin dá réir, ach bíonn siad ina gceap tuisle do lucht na heasumhlaíochta. 10
1. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 2 Fuascail mé a Thiarna, ón drochdhuine; cosain mé ar fhear an fhoréigin, Salm 139
2. 3 ar lucht beartaithe an oilc ina gcroí, a mbíonn aighneas á mhúscailt de shíor acu.
3. 4 Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar nathair; agus bíonn nimh na nathrach faoina mbeola.
4. 5 Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna; cosain mé ar fhear an fhoréigin; is mian leo barrthuisle a bhaint asam.
5. 6 Chuir na díomasaigh gaiste i bhfolach romham; leath siad líon agus téada romham; chuir siad súil ribe romham sa tslí. Selah
23. Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt, ach bainfidh an t-uiríseal ó chroí onóir amach.
1. Is é seo apacailipsis Íosa Críost a thug Dia dó chun go dtaispeánfadh sé dá sheirbhísigh cad iad na nithe nach foláir a theacht gan mhoill; sheol sé a aingeal uaidh agus chuir in iúl é d' Eoin a sheirbhíseach;
2. thug seisean fianaise ar bhriathar Dé agus ar fhianaise Íosa Críost de réir mar a chonaic sé.
3. Is méanar dó seo a léann os ard agus a éisteann le focail na fáistine seo agus a choimeádann a bhfuil scríofa inti; óir tá an uain in achomaireacht.
4. Beannú
5. agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin,
6. agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Amen.
7. Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen.
8. «Mise an tAlfa agus an tÓimige,» a deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach.
9. Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa.
10. Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa,
11. á rá: «Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.»
12. D' iompaigh mé timpeall féachaint cén glor a labhair liom, agus, ar iompú dom, chonaic mé seacht gcoinnleoirí óir,
13. agus i measc na gcoinnleoirí neach mar mhac duine, é gléasta in éide fhada agus crios órga faoina bhrollach.
14. Bhí a cheann agus a ghruaig geal mar olann gheal, mar an sneachta, agus a shúile mar bhladhm thine,
15. agus a chosa ar lí an phráis líofa arna scagadh i bhfoirnéis, agus a ghlór mar ghlór tuiltí lána.
16. Bhí seacht réalta aige ina dheasláimh, agus óna bhéal ghluais claíomh géar dhá fhaobhar, agus bhí a cheannaithe ar dhealramh na gréine faoi lántaitneamh.
17. Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá: «Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo;
18. ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam.
19. Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo.
20. Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n-eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n-eaglaisí.