Déan comparáid idir Leagan an Bhíobla
- |
|---|
| 1 |
| Ar dhul ar bord dó, chuaigh sé trasna agus tháinig isteach ina chathair féin. |
| 2 |
| Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “Bíodh misneach agat, a mhic! Tá do pheacaí maite.” |
| 3 |
| Leis sin, dúirt cuid de na scríobhaithe leo féin: “Sin diamhasla dó.” |
| Irish Bible 2012
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission |
| 1 |
| Chuaigh sé ar bord báid ansin gur tháinig anall go dtí a chathair féin. |
| 2 |
| Agus bʼshiúd iad ag iompar pairilisigh chuige, agus é ina luí ar a leaba; agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, ar seisean leis an bpairiliseach, “Tóg suas do chroí, a mhic; tá do pheacaí maite.” |
| 3 |
| Agus bʼshiúd cuid de na scríobhaithe ag rá ina n‑intinn féin, “Tá an fear seo ag caitheamh masla ar Dhia.” |
| Irish Bible 1970
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland |
| 1 |
| Ar dhul ar bord dó, chuaigh sé trasna agus tháinig isteach ina chathair féin. |
| 2 |
| Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: «Bíodh misneach agat, a mhic! tá do pheacaí maite.» |
| 3 |
| Leis sin, dúirt cuid de na scríobhaithe leo féin: «Sin diamhasla dó.» |
| Irish Bible 1981
© An Sagart 1981 Úsáidtear le cead |
| 1 |
| Agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’imthigh sé anonn isteach ’n‐a chathair féin. |
| 2 |
| Agus féach, tugadh chuige fear pairiliseach, agus é ’n‐a luighe ar leabaidh: agus nuair thug Íosa fá ndeara an creideamh do bhí aca, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A Mhic, bíodh meisneach agat; atá do pheacaidhe maithte dhuit. |
| 3 |
| Agus féach, adubhairt cuid de na scríobhaidhthibh ’n‐a n‐aigne féin, Atá sé sin ag dia‐mhasladh. |
| Irish Bible 1951
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932 |
| 1 |
| Agus ar ndul a loing dhó, do chúaidh sé tar uisge, agus thainic se da chathraigh féin. |
| 2 |
| Agus, féuch, tugadar fear pairilise, na luighe air a leabaidh chuighe: agus an tan do chunnairc Iósa a gcreideamh a dubhairt sé re fear na pairilisi; Biódh muinighin mhaith agad a mhic; ataid do pheacaigh ar na maitheamh dhuit. |
| 3 |
| Agus, féuch, a dubhradar cuid airighe dona sgríobaighibh ionta féin, Atá an fearso a labhairt blaspheime. |
| Irish Bible 1817
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817. Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI) |